Sruth Murascaille Mheicsiceo
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sruth Murascaille Mheicsiceo - Sruth farraige a ritheann as Murascaill Mheicsiceo trasna Aigéin an Atlantaigh Thuaidh, go iarthar na hEorpa. Tá an-tionchar aige ar an aeráid sa chuid sin den domhain,ionnas gur aimsir bog tais is mó a bhíonn ar iarthar na mór-rinne agus na hoileáin atá suite roimpi.
Fágann sé, freisin, gur féidir le báid dul i gcalafort in iarthar na hEorpa ar feadh an gheimhridh ar fad, chomh fada aduaidh leis an Iorua.