An Daingean
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
- Má tá an bhaile i gContae Uíbh Fháilí ag teastáil uait, breathnaigh ar An Daingean, Co. Uíbh Fhailí.
An Daingean | |
---|---|
Learscáil | |
Daonra an bhaile: | 1,828 |
Daonra thuathúil: | |
Airde: | |
Contae: | Contae Chiarraí |
Cúige: | An Mhumhain |
Baile is ea an Daingean nó Daingean Uí Chúis (Dingle i mBéarla) atá suite in iarthar Ghaeltacht Chiarraí in Éirinn. Is eisean an baile is mó i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
D'éirigh aighneas sa bhaile i 2005 maidir le hainm Béarla an bhaile a ligeadh i léig agus an t-ainm Gaeilge a úsáid i nGaeilge agus i mBéarla. D'fhógair an tAire Gnóthaí Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, nach mbeadh logainmneacha galldaithe (ar nós 'Dingle') á úsáid a thuilleadh ar cuaillí eolais oifigiúla, agus athraíodh ainm an bhaile go Gaeilge i dtús na bliana 2005. Is conspóideach an socrú é seo sa bhaile os rud é go bhfuil an turasóireacht mar phríomhthionscal sa cheantar, agus tá imní ar roinnt daoine go gcuirfear turasóirí ámú agus iad ag lorg ar an Daingean; tá sráidbhaile eile i gContae Uíbh Fhailí darb ainm an Daingean (nó Daingean as Béarla). Mhol an t-Aire Ó Cuív go bhféadfaidh le mhuintir an bhaile an t-ainm a athrú ar ais go Béarla le phobalbhreith a chomhlíonadh, ach bheadh sé orthú a stádas Gaeltachta, agus an cúnamh eacnamaíoch a ghabhann leis, a chailleadh ag an am céanna.
Tá oifigí Gaelsaoire suite sa bhaile agus tá ionad Ollscoil na Gaillimhe á oscailt sa cheantar go luath.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.