An Turlach Mór
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Turlach Mór | |
---|---|
Learscáil | |
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
53.3747° N -8.8647° W Comhórdanáidí Eangach Náisiúnta na hÉireann M424370 |
|
Daonra an bhaile: | - |
Daonra thuathúil: | - |
Airde: | 26 m |
Contae: | Contae na Gaillimhe |
Cúige: | Connachta |
Is paróiste é an Turlach Mór (ar a dtugtar Leacach freisin) (Turloughmore as Béarla) ar Achréidh na Gaillimhe (lastoir den chathair) in Éirinn. Is iad Baile Átha an Rí, an Carn Mór (Baile Chláir na Gaillimhe), Muine Mheá (Mainistir Chnoc Muaidhe) agus Cora Fine na ceantair máguaird. Aitheanta mar cheantar láidir na hiománá, tá 8 dteideal chontae ag an gclub iomána áitiúil. Ainmniúil dá aonach capaill san am a caitheadh (agus do na círéibeanna faicsin ann san 19ú haois déag); is ceantar ar bhruach chathair na Gaillimhe é an lá inniu ann, leis an ardú daonra agus fostaíochta tar éis dul i bhfeidhm go mór air le timpeall deich mbliana anuas. Is é an turlach agus abhainn an chláir na tréithe tíreolaíochta is suntasaí sa pharóiste.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.