An tAigéan Ciúin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an tAigéan Ciúin, nó an Ciúin-Aigéan, an mhuir is mó ar domhain. Clúdáionn sé an tríú chuid de dhromchla an domhain, agus tá achar 179.7 milliún km² (69.4 milliún míle cearnach) aige. Leathann sé 15,500 km (9,600 míle) ó Mhuir Bering san Artach go himeallacha reoite Mhuir Ross san Antartach. Tá a leithead is mó soir siar timpeall cuig ghrád ó thuaidh, áit a leathann sé mórthimpeall 19,800 km (12,300 míle) ón Indonéis go cósta na Colóime. Meastar go minic gur é Caolas Mhalacca an áit is faide siar san Aigéan Ciúin. Tá an áit is ísle ar dhromchla an domhain—Clais Mariana—sa Chiúin-Aigéan.
Tá tuairim is 25,000 oileán san Aigéan Ciúin (níos mó ná mar atá i muireacha eile an domhain le chéile), agus a bhformhór ó dheas ón Meánchiorcal.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.