An tSean-Ghréig
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tháinig tús le siabhialtacht sa Ghréig thart ar 3000 R.CH. le siabhialtacht na Mionóch ar oileán na Créite nuair a bhfuarthas amach conas le copar agus stán a chur le chéile. Tugtar aois an chré-umha ar an aimsir seo. D'fhás an cultúr sin thar na blianta is thart ar 2000 R.CH. thosaigh na Mionóigh ag baint usáide as iaraiglifí nó cineál scríobhneoireachta le pictiúir. Thóg na Mionóigh pálás Knossos mar lárionad a rialtais sa Chréit idir 1900 agus 1400 R.CH. Sa bhliain 1450 R.CH. chuir brúchtadh bolcáin in Thera deireadh le réim na Mionóch.
Ina dhiaidh sin, is féidir stair an Sean-Ghréige a roinnt i réimsí áirithe ginearálta:
- An Ré Ársa timpeall 800-500 R.CH.
- An Ré Chlasaiceach
- An Ré Heilléanaíoch timpeall 337-146 R.CH.
Ag tús an Ré Ársa, chum na Gréagaigh aibítir na Gréigise. Bhí na chéad Chluichí Oilimpeacha ann in 776 R.CH. Bunaíodh an chéad rialtas daonlathach san Aithin i 508 R.CH.
Bhí an Aithin i mbarr a réime sa Ré Chlasaiceach. Is sa tréimhse seo a bhí Cogadh na Peilipinéise idir Sparta agus an Aithin, a bhuaigh an Sparta.
Bhí Alastar Mór ina rí ar an Macadóin le linn an Ré Heilléanaí.
Is as cultúr na Sean-Ghréige a thagann bunús chultúr Iarthar an domhain. Mhair beirt de na fealsúna is mó i stair an domhain, Platón (429-347 R.CH.) agus Arastotail (384-322 R.CH.), sa tsean-Ghréig. Tagann dhá mhórscoil fhealsúnachta uatha - an Platónachas agus an tArastotaileachas.
Tháinig deireadh le cumhacht na Sean-Ghréige nuair a ghabh na Rómhánaigh í mar chuid dá n-impireacht i 146 R.CH.
[athraigh] Cúrsaí creidimh
Chreid na Gréagaigh go raibh a lán déiteh is bandéithe ann. B'é tuairim na nGréagach go raibh smacht ag na déithe is bandéithe sin ar na moira nó Cinniúintí a rialaigh saol an duine. Bhíodh cónaí ag dáréag de na déithe is bandéithe seo ar Shliabh Oilimpeas, an sliabh is airde sa tír. Ba é Séas athair na ndéithe agus an dia ba chumhachtaí. Ba é deartháir Shéas, Poiséadón, dia na farraige agus ba é a mhac Apolló dia an cheoil. Ba í Héire bean Shéas agus bandia an phósta. Ba í Ataene bandia an chogaidh. Cosúil le scéal na polaitíochta de, bhíodh dearcadh éagsúil ag na Gréagaigh faoi thréithe na ndéithe.
Rinne na Gréagaigh iarracht na déithe a shásamh trí imeachtaí ar nós cluichí, drámaí amharclainne, mórshiúlta agus íobairtí a eagrú.