Art Mac Cumhthaigh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
File Gaeilge ab ea é Art Mac Cumhthaigh (nó Ó Cofaigh, nó Mac Cumhthaigh, nó Ó Cumhaigh - is é "Mac Cumhaigh" an leagan a úsáideann Tomás Ó Fiaich sa díolaim a chuir sé in eagar don Chlóchomhar thar cionn Éigse Oirialla sa bhliain 1973). Saolaíodh an file i bparóiste an Chreagáin i gContae Ard Mhacha sa bhliain 1738, agus fuair sé bás sa bhliain 1773. Chónaigh sé i dtír Úi Néill tar éis Ré na Patrún, agus dá bhrí sin d'obair sé mar spailpín ar feadh a shaol.
D'fhág sé fiche éigin de dhánta againn, ach is í an aisling úd Úirchill an Chreagáin an ceann is cáiliúla acu. Bhí sí le cloistint ó sheanchaithe na háite a fhad is a mhair Gaeilge á labhairt i gContae Ard Mhacha, agus is gnách a rá gurb í "amhrán náisiúnta Dheisceart Ard Mhacha" í.
[athraigh] Leabharliosta
Art Mac Cumhaigh: Dánta. Tomás Ó Fiaich a chuir in eagar. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath, a d'fhoilsigh do Choiste Éigse Oirialla. An chéad chló 1973, an dara cló 1981.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.