Białystok
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathair sa Pholainn is ea í Białystok ( [bȋaːˈwɨstɔk]; Bílearúisis: Беласток, Biełastok; Liotuáinis: Balstogė; Giúdais: ביאַליסטאָק). Ciallaíon an t-ainm 'leiceann cnoic bán' as Gaeilge. Is í an chathair is mó in oirthuaisceart na Polainne, agus í ina príomhchathair ar Chúige Podlasie (Województwo Podlaskie). Tá an áit saibhir i mionlaigh náisiúnta, go háirithe Bílearúisigh. Labhraítear cuid mhaith Bealarúisise sa chathair agus ina timpeallacht, agus tá consalacht ag an mBealarúis ansin. Thairis sin, tá cuid mhaith Rúisigh, Úcráinigh, agus Tatáraigh ann.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.