Bráithreachas na Poblachta
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eagraíocht náisiúnaíoch Éireannach ab ea é Bráithreachas na Poblachta (nó Irish Republican Brotherhood (IRB) mar a ghlaoitear air as Béarla). Bhí an eagraíocht dírithe ar Éire a shaoradh ó bhráca Shasana, agus iad sásta leas a bhaint as an lámh láidir agus as an bhforéigean leis an gcuspóir seo a shroicheadh. D'insíothlaigh siad na heagraíochtaí náisiúnaíocha cultúrtha, ar nós Chumann Lúthchleas na nGael agus Conradh na Gaeilge, agus mar sin, b'iad a bhí taobh thiar d'Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Cé gur theip ar an Éirí Amach, mhúscail sé suim i gcás agus i gcúis na nÉireannach ar fud an tsaoil mhóir, agus chabhraigh sé le hathbheochan na cúise náisiúnaíche in Éirinn féin.
B'é an tÉirí Amach an móréacht deireanach a raibh lámh ag an mBráitheachas ann, nó bunaíodh an tIRA go gairid ina dhiaidh sin.
Bráithreachas na Poblachta (1858-1922)
- Séamas Mac Stiofáin (1858-1866)
- Tomás S. Ó Ceallaigh (1866-1867)
- Séamas Proinsias Xavier Ó Briain (1869?-1872?)
- Séarlas Seosamh Ciceam (1873-1882)
- Seán Ó Conchúir (1882?-1891?)
- Seán Ó Laoire (1891?-1907)
- Niall Ó Baoill (1907-1910)
- Seán Ó Maolchallann (1910-1912)
- Séamas Ó Duícinn (1913-1914)
- Donncha Mac Cú Uladh (1915-1916)
- Tomás Ághas (1916-1917)
- Seán Mag Fhearaigh (1917-1919)
- Anraí Ó Beolláin (1919-1920)
- Pádraig Méalóid (1920)
- Micheál Ó Coileáin (1920-1922)
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.