Cluainín
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cluainín | |
---|---|
Learscáil | |
Daonra an bhaile: | 927 (2002) |
Daonra thuathúil: | 1422 (2002) |
Airde: | 69 m |
Contae: | Contae Liatroma |
Cúige: | Connachta |
Baile i gContae Liatroma le timpeall 2,000 daoine ann is ea Cluainín (Uí Ruairc) atá suite i lár gleannta pictiúrtha, a thagann le chéile i dtuaisceart Liatroma. Cuirtear Manorhamilton ar an mbaile i mBéarla. Ritheann abhainn, an Bóinead, in aice leis an baile ar a slí ó Loch Gleann Éada go dtí Loch Gile. Ar an taobh iar-dheisceart den baile faightear an sliabh 'Beann Bó', chlúdaithe go breá tarraingteach le fraoch, agus atá 1,367 troigh in airde.
Is é Cluainín Uí Ruairc an príomhbhaile i dtuaisceart Liatroma, dea-lonnaithe mar atá sé i lár 'Gleannta Tuaisceart Liatroma'. Baile tuaithe is ea é atá ag eirí leis go geal agus ag borradh go tapaidh buíochas leis an Scéim Cáineach do Athnuacháin na Tuaithe atá le fáil do títhe nua. Suite ar an mbóthar N16 ó Sligeach (16ml) go Inis Ceithleann (24ml), níl Baile Átha Cliath ach 2½ uair i gcéin agus Béal Feirste 2 uair ón mbaile.
[athraigh] Stair
Ar mhala cnoic os cionn an bhaile tá fothrach mór le feiceáil, áit a bhfuil cruth maith air fós. Sin é an sean Teach Mainéir ('an Caisleán' do na daoine áitiúla) óna bhfaigheann an baile a ainm as Béarla. Tá an caisleán tógtha ar thalamh a gabhadh seilbh air ó na Ruaircigh Bhreifne tar éis bhriseadh na nGael ag Cath Chionn tSáile i 1601. Tógadh é ag Sior Frederick Hamilton, Plandálaí Albanach, a fuair talamh i dTuaisceart Liatroma ó Shéamus I, Rí Shasana, i 1621. Críochnaíodh an foirgneamh i 1634 nuair a d’fhill Hamilton tar éis do a bheith páirteach sa Chogadh Tríocha Bliain ar an Mór Roinn.
[athraigh] An Lae Inniu
Tá an tsaol san bhaile ag dul i bhfeabhas faoi láthair, le daonra atá ag meadú agus an ceantar tuaithe atá mórthimpeall uirthi lán le beocht arís. Is féidir le paistí freastal ar scoileanna den scoth, Bun Scoileanna agus an Scoil Cuimsitheach. I dteannta leis sin tá ionaid maith cultúrtha, spóirt agus go leor deiseanna caitheamh aimsire le fáil sa bhaile. Faigheann a lán daoine aitiúla fostaíocht i monarchan de thionscail eadtroma agus i gnólacthaí éagsúla a soláthraíonn seirbhísí. Cosúil leis an tír ar fad tá inimirce suntusach le sonrú i gCluainín. Tá go leor daoine tar éis tagtha anseo ón iasacht. Tá siad ag obair go mór mór san gnó tógála, sna pubanna, sna bialainn agus sna óstlainn. Níl Cluainín ina bhaile ollmhór ach más maith leat dul i bhfios ar leagan amach na sráideanna ba cheart duit scrúdú a dhéanamh ar an léarscáil[1] iontach den bhaile a feabhsaítear go rialta.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.