Cogadh Cathartha na Rúise
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mhair Cogadh Cathartha na Rúise ón mbliain 1917 go dtí 1922. Thosaigh sé díreach i ndiadh titim rialtas sealadach na Rúise agus teacht i gcumhacht na Boilséivigh tar eis an Réabhlóid sa bhliain 1917. D'éirigh sé níos measa nuair a fuair Lenin réidh le chomhthionól na Rúise agus go háirithe de dhárr siniú an Conradh Brest-Litovsk toisc gur thug sé alán talamh do na ghearmánaigh. Bhí an troid idir na Cumanaigh, glaodh an Airm Dearg orthu, agus na frith-cumanaigh, glaodh an Airm Bán orthú siúd, bhí an troideach is measa idir na bliana 1918 agus 1920. Bhuaigh na Cumanaigh tar eis ceithre bliana aagus bhunaigh siad an Aontas Sóivéideacha sa bhliain 1922.
[athraigh] Achoimre
Tar eis a d'éirigh an tSár Nioclás II as coróin agus i ndiaidh Réabhlóid na Feabhra sa bhliain 1917, bhúnaíodh Rialtas Sealadach sóisialach. I Mí Meán Fómhair bhris Réabhlóid Dheireadh Fómhair amach faoi na Boilséivigh agus ghabh siad Cathair Pheadair agus thosaigh siad ag tógáil bailte timpeall an tír ar fad. I Mí Eanáir 1918, rinne Lenin lánscoir ar an gcomhdháíl, agus forógraíodh sé go raibh na Boilséivigh mar rialtas nua na Rúise.
Ar dtús báire thosaigh na Boilséivigh ag iarraidh síochain a dhéanamh le tarraingt amach as an gCéad Chogadh Domhanda, mar a gheall siad do muintir na Rúise roimhe. Deirtear go bhfuil ceangailt idir an gheilleadh agus an tslí inár tháinig Lenin i dtír, le chabhair agus tacaíocht óna Ghearmámaigh a bhí ag tnúth le Réabhlóid sa Rúis le deireadh a chuir leis an bhfronta thoir.
Fograíodh sos comhraic láithreach agus thosaigh na idirbheartaíocht síocháin. Chéann de na riachtanais a bhí sa conradh, ná go bhfaighfeadh na gCumhachtaí Lárnaigh alán talamh ón Ruis, chuir seo go mór isteach ar náisiúnaigh an Rúis. Diúltaigh Leon Trotscaí fiú, ionadaí na Boilséivigh, ar dtús.
Thosaigh na Gearmánaigh ag bogadh isteach sa Rúis, ní raibh airm na Rúise ann ar choir ar bith le frithbheartaíocht a thabhairt dóibh. Ar deireadh bhí ar na Boilséivigh an chonradh a shuiniú go tapafaidh bhí fadhbanna ag fhorbairt sa tír é féin, bhí na frithréabhlóide dainséireach don rialtas cumannachas. Rinne siad dhaingniú ar an Conradh Brest-Litovsk, ar an 6 Márta, 1918.
I ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, bhí dhíshlógadh déanta ar sean airm na Rúise agus bhúnaíodh airm Óglach na Gardaí Dearg eite míleata na Boilséivigh. Bhí Trotscaí i gceannas orthu agus cruthaigh sé forsa níos gairmiúil a bhúnú, trí coinscríobh a thabhairt isteach.
Bhí cosc ar aon eagraíocht poilitiúil nach raibh ceangailte leis na Boilséivigh, fiú eagraíocht sóisialach, toisc nach raibh na Boilséivigh in ann tromlach a bheith acu in aon rialtais toghach trí daonlathas lasmuigh de Cathair Pheadair agus Moscó.
Cé gur thosaigh frithbeartaíocht díreach i ndiadh an coup, bhí an Conradh Brest-Litovsk agus an cosc poilitiúil mar catalaíoch le grupaí frith-Boilséivigh a bhúnú, agus á bhrú le gníomhaíocht i gcoinne an rialtas a thosnú.
Cruthaíodh cónaidhmeach frith-Boilséivigh le troid i gcoinne an rialtas, ina measc bhí poblachtánaigh, caomhantóirí , daoine frithghníomhach, daoine a bhí i bhfábhar an monarcaí, liobrálaigh , sóisialaigh nach raibh mar Boilséivigh, daoine i bhfábhar daonlathas agus leásaithe. Glaodh an gluaiseacht na an Airm Bán orthu.
Freisin bhí grúpa ón Úcráine darbh ainm an Airm Glas agus glaodh an Airm Dubh ar an airm a bhí faoi na ainrialaigh, throid siad in aigheadh an dá thaoibh agus fiú a chéile i rith an cogadh.
Bhí na comhgháillí brónach nach raibh an fronta thoir gníomhach a thuile agus bhí siad burtha freisin faoi na Boilséivigh agus an Cumanachas. De Bharr seo chuir siad alán airm, tacaíocht agus fiú saighdiúirí don gluaiseacht Báin.
Chríochnaigh chuid mhaith den cogadh faoi 1920 le bua ar an Ginearail Pyotr Wrangel sa Crimea, ach lean beagán frithbheataíocht i gcúpla aiteanna go dtí an bhliain 1922.
[athraigh] An Cogadh é féin
Bhí an cogadh ar siúil ar trí fronta, ar an taobh oirthearach, sa deisceart agus tuaisiartharach. Freisin bhí trí tréimhse den chogaidh.
Lean an chéad tréimhse ón réabhlóid go dtí gheill siad do na ghearmánaigh. I rith, i Mí Deireadh Fómhair 1917 d'fhógair an rialtas go mbeidh talamh traidisiúnta mar talamh an Stáit. Thósaigh seo Éirí Amach sa réigiún ina raibh an Ginearál Kaledin i gceannas. De dheasca siniú Conradh Brest-Litovsk, thosaigh na Comhghuaillí ag tabhairt airm do forsaí míleata na frith-Boilséivigh.
Bhí chuid mhaith den troid é féin den chéad tréimhse seo treallach, ní raibh ach grupaí beaga ag troid go neamhspleach. i measc na forsaí sa cogadh seo bhí na Seic-Slóvaicigh, nó an Léigiún Seicslóvacach nó na Seicslóvacach báin.(Белочехи, Byelochekhi), Pólaigh agus ar taobh na Boilséivigh bhí na fír raidhfilí Dearg as An Laitvia (Красные латышские стрелки, Krasnye Latyshskiye strelki).
Bhí iontas ar Lenin nuair a bhris an cogadh cathartha amach ar dtús, agus níor thug se mheas faoin cumas forsaí ina aigheadh.
Ba é an dara tréimhse an tréimhse is tabhachtaí mháir sé ó Mí Eanáir go Mí na Samhna 1919. Ar dtús báire bhí bua ag Airm na Báin ag teach ó dheas (faoi Denikin), ó thoir (faoi Kolchak) ón iarthuaisceart (faoi Yudenich), ag brú an Airm Dearg siar ar gach fronta. Ach arís rinne Leon Trotscaí athbhéocháin ar a airm agus thosaigh sé ag chuir forsaí Kolchak siar (i mí Meitheamh) agus ansin forsaí Denikin agus Yudenich (i mí Deireadh Fómhair). Bhriseadh cumhacht an troid i ngach airm na báin ag an am céanna i lár mí na samhna.
Ba é an léigear fada, a rinneadh ar na forsaí Bána sa Crimea, an tréimhse deireanach den chogadh. Bhailigh Ginearail Wrangel na saighdiúirí go léir a bhí fagtha agus dhaingnigh siad iad féin sa Crimea. D'fhán siad ansin go dtí gur fill an Airm Dearg ón pholainn tar eis an cogadh Pholainn-Sóivéadach. nuair a d'fhill forsa iomláin an Airm Dearg, cloígheach an Airm Bán, agus aslonnaigh na saighdiúirí a bhí fágtha go dtí Cathair Chonstaintín i mí na Samhna 1920.
De gnáth críochnaíonn stair an cogadh ag an bua seo ar saighdiúirí Wrangel, lean frithbheartaíocht míleata suas go dtí aslonnadh saighdiúirí Ginearail Diterikhs i Vladivostok i mí Deireadh Fómhair 1922. Tar eis an eachtra seo, d'fhógair An tAontas Sóivéadach go raibh é féin mar stáit. Ó sin ar aigheadh ní raibh aon frithbheartaíocht míleata ar scála mór in aigheadh an rialtas go Gluaiseacht Saoiese na Rúise i rith An Dara Cogadh Domhanda.