Vicipéid:Conas alt a chur in eagar
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is vici (WikiWiki) í an Vicipéid. Is é is brí le sin ná go bhfuil cead ag gach duine leathanach a chur ar fáil nó a fheabhsú, agus aon athrú a dhéanann sé, go gcuirfear ar taispeáint é láithreach. Is é an leathanach seo an tagairt don scríobhchód mearshuímh. B'fhéidir gur mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi:
- conas a chuirtear tús le leathanach
- leideanna neamhfhoirmiúla faoi cuidiú leis an Vicipéid
- tascanna eagarthóireachta i gcoitinne ag na Ceisteanna Coitianta Eagarthóireachta
- comhghnáis leagain amach ag an Lámhleabhar Stíle
- comhghnáis ainmnithe do na hailt féin
- ... agus faoi dheireadh, an réim lán áiseanna do úsáideoirí.
Tá sé an-éasca leathanach mearrshuímh a chur in eagar. Lean an nasc "Athraigh" ag barr an ailt nó. Osclófar leathanach le bosca téacs, ina bhfuil téacs so-athraithe an leathanach mearshuímh.
Ansin, clóscríobh d'alt, scríobh achoimriú athraithe gearr sa bhosca beag thíos, agus nuair atá tú réidh, gliogáil ar "Sábháil"! Is féidir leat réamhamharc a fháil ar do chuid athruithe, más mian leat.
Dé réir an chórais atá agat, tá seans go mbeidh an toradh Sábhála ann nuair a bhuaileann tú ar Iontráil, agus nach bhfuil an bosca athraithe gníomhach (nuair nach bhfuil aon chúrsóir clóscríofa ann).
Más é do thoil é, scríobh le dearcadh neodrach, agus luaigh do chuid foinsí - ionas gur féidir le daoine eile do chuid oibre a sheiceáil agus cur leis.
Is minic a bhíonn sé níos áisiúla an téacs a chóipeáil chuig an próiseálaí focal is fearr leat, na hathraithe agus seiceáil litrithe a dhéanamh ansiúd, agus ansin é a chóipeáil ar ais chuig do bhrabhsálaí chun réamhamharc a fháil air. Mar sin, d'fhéadfá cóip áitiúil bhreise a dhéanamh chun athruithe a dhéanamh uirthi as líne.
Sa cholún ar chlé, tá na feidhmeanna is féidir a dhéanamh le feiceáil. Sa cholún ar thaobh na láimhe deise léirítear conas na feidhmeanna sin a bhaint amach. Is é sin, chun an cruth sa cholún clé a bhaint amach, clóscríobh mar atá sa cholún dheis. B'fhéidir gur maith leat an leathanach a oscailt sa fuinneog eile mar tagairt. Más maith leat an córas a tástáil gan damáiste a dhéanamh, is féidir leat é sin a dhéanamh san Clar Dubh
- Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo as dáta agus neamhchríochnaithe fós. Go dtí go mbeidh sé críochnaithe, féach ar an lámhleabhair do MediaWiki i mBéarla chun eagrán reatha a fháil.
Clár ábhair |
[athraigh] Ranna, Paragraif, Liostaí agus Línte
[athraigh] Liostaí
Má theastaíonn uait liosta a chruthú, cuir * roimh gach mír sa liosta.
- Mar shampla: Taispeáinfear:
- *An Iodáil
- *Éire
- mar:
-
- An Iodáil
- Éire.
-
Má theastaíonn uait liosta le huimhreacha a chruthú, cuir # roimh gach mír sa liosta.
- Mar shampla: Taispeáinfear:
- #An Iodáil
- #Éire
- mar:
- An Iodáil
- Éire.
[athraigh] Línte
Má theastaíonn uait líne a chruthú, ionchur: ----.
[athraigh] Naisc, Seoltaí URL, Íomhánna
[athraigh] Naisc
Má theastaíonn uait nasc a chruthú, cuir [[ ]] mórthimpeall ar an bhfocal.
- Mar shampla: Taispeáinfear [[Litríocht Iodáileach]] mar Litríocht Iodáileach.
Má tá tú ag iarraidh nasc a chruthú agus níl tú ag iarraidh teideal an ailt a thaispeáint mar atá, cuir an teideal idir an chéad [[ agus líne ingearach ( | ) agus cuir an focal atá ag teastáil uait tar éis an líne.
- Mar shampla: Taispeáinfear [[Litríocht Iodáileach|madra]] mar madra.
Má tá nasc eile ón Vicipéid á chruthú agat, cuir [[:cód teanga:teideal an ailt]] ar an leathanach
- Mar shampla: Taispeáinfear [[:en:Irish]] mar en:Irish.
[athraigh] Seoltaí URL
Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú, ionchuir an seoladh iomlán leis an http:// ag an tús.
- Mar shampla: Taispeáinfear http://www.wikipedia.org mar http://www.wikipedia.org
Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú ach níor mhaith leat an URL a léiriú, cuir [ ] mórthimpeall ar an seoladh.
- Mar shampla: Taispeáinfear [http://www.wikipedia.org] mar [1]