Dmítrí Meindeiléiv
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceimiceoir Rúiseach ab ea Dmítrí Iavánavaidts Meindeléiv (Rúisis: Дми́трий Ива́нович Менделе́ев éist) (8 Feabhra 1834 - 2 Feabhra 1907).
Rugadh Meindeiléiv i dTobolsc na Rúise sa bhliain 1834. Bhain sé clú amach mar duine den bheirt a chum tábla peiriadach loighciúil as na dúile ceimiceacha. In 1869, shocraigh Meindeiléiv na dúile ar fad a bhí ar eolas ann (63 ceann ag an am sin) i sraith ardaitheach de réir mhaiseanna na n-adamh.
D'athain sé go raibh airíonna na ndúl le feiceáil arís agus arís eile go rialta. Shocraigh sé iad i riocht tábla sa chaoí go mbeadh na dúile lena mbainfeadh na hairíonna cheanna ina gcolúin ingearacha.
De bhrí go bhfuil airíonna na ndúl le fáil go treimhsiúl nó go peiriadach, an Tábla Peiriadach a thugtar ar an tábla seo. Bhí bearnaí sa tábla do dhúile nach raibh faighte fós. Thuar Mendeleev airíonna na ndúl nach raibh faighte trí airíonnana na ndúl a bhí os cionn nó faoi bhun na mbearnaí a mheas.
Cailleadh Meindeiléiv sa bhliain 1907 i gCathair Pheadair.