Enya
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is Ceoltóir as Gaoth Dobhair, Tír Chonaill í Eithne Ní Bhraonáin nó Enya (rugadh 17 Bealtaine 1961). Ba as Gaoth Dobhair agus Contae Shligigh a muintir. Ba teaghlach s'aici a raibh rath orthu agus iad sa ghrúpa Clannad. Ní raibh Enya ariamh mar bhaill, ach tháisteáil sí leo ar cupla camchuairt san Eoraip. D'éirigh sí ás an ceol teaghlaigh chun gairm a dhéanamh di féin san amhránaíocht chlaisiceach.
Bhí sí líofa sa Ghaeilge agus tógadh i nGaeltacht Dhún na nGall í. D'aistrigh sí go Baile Átha Cliath de bharr easpa áiseanna ina ceantar dúchais. Tá sí ina cónaí faoi láthair i gcaisleán i gCill Iníon Leinín ar an dtaobh theas den chathair. Tá ceithre duais Grammy bainte ag Enya, níos mó ná ceoltóir aonar Éireannaigh ar bith eile.
Ar an droch uair, chaill Enya mórchuid dá gcuid Gaeilge agus í ina conaí ar shiúil ó baile. Bíonn sí ag obair le Nicky Ryan and scríobhneoir amhrán Roma Ryan. Bhí Nicky mar banaisteoir ar Chlannad sular chaill sé a phost i ndiaidh troid a thoiseacht, mar a dúradh aige féin ar Good Morning America, seans mhór faoi tháisme!
I 2005 tháinig albam úr de chuid Enya amach. Albam den chéad scoth a bhí ann, agus díoladh na mílte cóip de. Tá sí anois ag obair ar céirnín úr Nollaig a mbeidh sna siopaí níos moille i mbliaina.
[athraigh] Dioscliosta
[athraigh] Albaim
- The Frog Prince (1985) - chéad diosca Eithne ina haonar.
- Enya (1987) - ceol ón tsraith faisnéise The Celts ón BBC.
- Watermark (1988) - An chéad rath domhanda le hamhráin cáiliúla ar nós Cursum perficio agus Storms in Africa.
- Shepherd Moons (1991)
- The Celts (1992, atheagrán Enya)
- The Memory of Trees (1995)
- Paint The Sky With Stars: The Best Of Enya (1997) - bailiúchán le dhá amhrán nua.
- A Day Without Rain (2000)
- Lord of the Rings (2001) - ceol ón scannán leis an ainm céanna.
- Amarantine (2005) a halbam is déanaí. Tá trí amhrán ar na ndiosca seo i dteanga a cruthaíodh a liriceoir Roma Ryan, an loxian. Níl aon amhrán as Laidin ná as Gaeilge, ach ceann amháin as Seapáinis, Sumiregusa.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.