Gabriel Rosenstock
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rugadh Gabriel Rosenstock i gContae Luimnigh sa bhliain 1949, mac le dochtúir. Rinne sé staidéar i gColáiste Ollscoile Chorcaí, an áit ina raibh sé mar bhaill de Innti, grúpa filí óga a chuir iris amach agus a chuaigh ar fud na tíre ag léamh a gcuid saothair. Tá an-chuid filíochta agus leabhair do pháistí scríofa agus aistrithe go Gaeilge aige.
Eagarthóir sa Ghúm atá ann le blianta anuas agus láithreoir teilifíse, bhí sé ina eagarthóir ar Poetry Ireland agus tá ballraíocht saoil aige i gCumann na nAistritheoirí agus na dTeangairí.
Is ball é de Aos Dána.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.