Galltacht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar an Ghalltacht ar an chuid d´Éireann, nó Alban, ina labhraítear Béarla mar ghnáththeanga. Tugtar an Ghaeltacht nó, in Albain, an Ghàidhealtachd, ar an gcuid den tír ina labhraítear Gaeilge mar ghnáththeanga. Tugtar breac-Ghaeltacht ar cheantar ina labhraítear roinnte Gaeilge, ach ina labhraítear roinnt mhaith Béarla chomh maith. In Éirinn, tá go leor ceantair inniu ina labhraítear fíorbheagán Gaeilge, ach atá fós i dteideal Gaeltachta a thabhairt orthu féin, agus a bhaineann tairbhe as le deontais Gaeltachta.