Gréasán Domhanda
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is córas poiblí hipirtéacs ar an Idirlíon é an Gréasán Domhanda (as Béarla World Wide Web nó WWW), cruthaithe ag Tim Berners-Lee i CERN i 1990 le haghaidh torthaí eolaíochta a scaipeadh. Is é an Gréasán Domhanda an chuid is iomráití den Idirlíon ach tá seirbhísí eile ar an Idirlíon nach cuid den Ghréasán Domhanda iad, cosúil le ríomhphost agus teachtaireachtaí meandaracha. Más mian leat an Gréasán Domhanda a thaisteal, tá gá le ríomhaire le ceangal Idirlín agus brabhsálaí air. Coinnítear leathanaigh gréasáin ar fhreastalaithe gréasáin agus déantar rochtain orthu tríd an bprótacal HTTP. Tagann íomhá an ghréasáin ó úsáid hipirnaisc chun na leathanaigh lín a cheangail le chéile.
[athraigh] URLanna agus Hipirnaisc
Bíonn seoladh ag gach píosa eolais ar an nGréasán Domhanda. Tugtar an URL ar an seoladh seo (cé go bhfuil URI i ndáiríre níos cruinne don sainmhíniú seo - is fothacar iad na URLanna de na URIanna). Seasann URL le haghaidh Uniform Resource Locator nó Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne i nGaeilge. Is féidir an URL a chló isteach sa mbrabhsálaí nó is féidir cliceáil ar hipearnasc ar leathanach gréasáin chun taisteal chuig URL nua. Seo roinnt samplaí de URLanna:
- http://www.wikipedia.org
- http://ga.wikipedia.org
- https://internetbanking.aib.ie/hb1/roi/presign.jsp
- http://upload.wikimedia.org/wikipedia/meta/2/2a/Nohat-logo-nowords-bgwhite-200px.jpg
Ní gá an http:// a chló isteach sa bhrabhsálaí mar go bhfuil sé inghlactha go bhfuil sé ann. Tabhair faoi deara thuas nach dtosaíonn gach URL le www. Is seoladh slán é an tríú shampla. Is féidir é sin a aithint mar go dtosaíonn sé le https. I gcás an cheathrú shampla, is URL é seo de phictiúr atá mar chuid de leathanach gréasáin.