Helmut Kohl
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí an Dr. Helmut Kohl ina Sheansailéir ar an nGearmáin ó 1982 go dtí 1998. Rugadh i Ludwigshafen na Gearmáine ar an 3 Aibreán 1930. Bhí sé páirteach sa Dara Cogadh Domhanda agus é fós ina dhéagóir. Chuaigh sé le polaitíocht go luath ina shaol, agus bhí ina bhall den Pháirtí Críostaí Daonlathach ó 1947. Bhí sé ina cheannaire ar an bpáirtí sin níos déanaí, ó 1973-1998. Ghnóthaigh sé céim dochtúra sa stair. Tar éis tamall a chaitheamh i bpolaitíocht stáit, toghadh é chuig an Pharlaimint Fheidearálach agus bhí sé ina cheannaire ar an bhfeasúra. Tar éis vóta mímhuiníne sa Seansailéir Helmut Schmidt rinneadh Seansailéir de Kohl. Cé go raibh na meáin chumarsáide ag magadh faoi agus go raibh freasúra láidir ina choinne bhí tréimhse cumhachta níos faide ag Kohl mar Sheansailéir ná mar a bhí ag duine ar bith sa Ghearmáin ó aimsir Otto von Bismarck. D'fhan sé i gcumhacht go dtí gur bhuaidh an Páirtí Daonlathach Sóisialta toghchán na bliana 1998.
Cuimhneofar ar Helmut Kohl mar gheall ar athaontú na Gearmáine a tharla le linn a thréimhse in oifig, nuair a theip ar an gCumannachas in oirthear na hEorpa. Bhí scannal mór airgeadais ann áfach tar éis dó éirí as oifig, rud a fhágann smál ar a cháil mar pholaiteoir.
Rugadh i Ludwigshafen am Rhein, Rheinland-Pfalz, an Ghearmáin é.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.