Loch Coiribe
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá Loch Coiribe ar cheann de mhór-locha na hÉireann, agus é suite in iarthar na tíre. Tá iascaireacht bhreá ar an loch agus san abhainn ghairid a cheanglaíonn an loch le cathair na Gaillimhe agus cuan na Gaillimhe. Is iondúil báid aeraíochta ar an loch freisin i rith an tsamhradh.
Bhíodh an t-ainm Loch Oirb nó Loch Oirbsen ar an loch agus ar an abhainn sa sean-am, de réir leabhair Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, ó 1684, agus is as sin a tháinig an ainm Coirib, ó bhrú na litreacha le chéile. Ba ainm a bhí ar Mhanannán Mac Lir é Oirb. Ní úsáidtear an ainm Oirbsen nó Orbsen anois i nGaeilge ná i mBéarla le tagairt don loch.