Máirtín Ó Cadhain
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá Máirtín Ó Cadhain (1906-1970) ar na scríbhneoirí ba mhó i stair na litríochta Nua-Ghaeilge. Scríbhneoir próis a bhí ann. Rugadh ar an gCnocán Glas lámh leis an Spidéal i gConamara é, agus chuaigh sé ag staidéar le bheith ina mháistir scoile. Níor éirigh leis, áfach, mórán faid a bhaint as an obair seo, nó bhí baint aige le hÓglaigh na hÉireann (IRA), agus suim aige sa Sóisialachas freisin. Mar sin, ní raibh sé ag réiteach go maith leis na sagairt ná le húdaráis eile.
Sna tríochaidí, ghlac sé páirt i bhfeachtas agóide a bhí ag éileamh tailte níos méithe do mhuintir na Gaeltachta. B'é ba toradh don fheachtas seo gur cuireadh Gaeltacht nua Ráth Cairn ar bun i gContae na Mí. I dtús an Dara Cogaidh Dhomhanda, áfach, tharraing sé seantithe éigin anuas air, agus gabhadh é in éineacht le cuid mhaith daoine eile a raibh baint ar bith acu leis an IRA.
Coinníodh i ngéibheann i gCurrach Chill Dara é le linn Ré na Práinne i rith an Dara Cogaidh Dhomhanda. Nuair a bhí sé sa champa, scríobh sé an t-úrscéal Cré na Cille. Is é suíomh an úrscéil ná go gcloistear gutha na marbh ag labhairt ón uaigh, agus iad ag caitheamh anuas ar a chéile agus ag déanamh a mionghearáin díreach chomh suarach le daoine beo. Chuirfeadh an leabhar réadúlacht dhraíochtúil na scríbhneoirí móra ó Mheiriceá Theas i gcuimhne duit. Tá greann íorónta ann, agus an scríbhneoir ag léiriú an-tuiscint do na difríochtaí stádais idir aicmí éagsúla na sochaí a bhí i bhfeidhm nuair a d'fhás seisean aníos. Go háirithe, is gnách a rá gurbh é an t-úrscéal seo a mhúin do na daoine sa Ghalltacht go raibh aicmeachas i sochaí na Gaeltachta chomh maith leis an gcuid eile d'Éirinn.
Amach ó Chré na Cille, scríobh an Cadhnach dhá úrscéal eile nár tháinig i gcló ach i bhfad i ndiaidh a bháis, sna nóchaidí. B'iad sin Athnuachan agus Barbed Wire.
Scríobh an Cadhnach leabhair gearrscéalta freisin, ina measc Idir Shúgradh agus Dáiríre, An Braon Broghach, Cois Caoláire, An tSraith dhá Tógáil, An tSraith Tógtha agus An tSraith ar Lár. Bhí an Cadhnach gníomhach, chomh maith, mar iriseoir agus ag scríobh aistí, atá bailithe in Ó Cadhain i bhFeasta, Caiscín, agus Caithfear Éisteacht. Cuireadh amach comhfhreagras idir é féin san am a bhí sé i ngéibheann agus Tomás Bairéad faoin teideal As an nGéibheann. Bhí sé i gcruachás amanta, ó briseadh as a phost múinteoireachta é mar gheall ar a ghníomhaíocht Phoblachtánach.
Chaith sé na blianta deireanacha dá shaol ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide.
Ba scríbhneoir cruthaitheach Máirtín, agus rinne sé an-fhorbairt agus an-aclú ar an nGaeilge mar theanga liteartha. Thóg sé focla ó Ghaeilge na hAlban agus chum sé nua-fhocla amanta. Mar sin féin, chleacht sé gramadach a chanúna féin in áit na gramadaí caighdeánaithe, fiú i gcoimhthéacsanna nach raibh sé oiriúnach ach ar éigean a leithéid de stíl a úsáid.