Na hÉisc
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
na hÉisc |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Pisces |
Ginideach Laidine | Piscium |
Nod | Psc |
Siombalaíocht | na hÉisc |
Dronairde | 1 h |
Diallas | 15° |
Achar | 889 céim cearnach Rangú: 14ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
0 |
Réalta is gile | η Psc (méid 3.6) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −65° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain |
|
Is réaltbhuíon an stoidiaca í na hÉisc (♓). Pisces an t-ainm Laidine a thugtar uirthi, a chiallaíonn éisc. Tá na hÉisc suite idir an tUisceadóir, atá ar an taobh thiar di, agus an Reithe, atá ar an taobh thoir dí.
Tá na hÉisc doiléir go maith mar réaltbhuíon; níl an réalt is gile, η Psc, ach ar méid 3.6. Tugtar Okda, a chiallaíonn "an snaidhm," agus Alrisha, a chiallaíonn "an corda," mar ainmneacha ar α Psc, ós rud é gurbh í seo an snaidhm a cheangail an dá iasc le chéile de réir na réalteolaithe Arabacha.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
- Ciorcailín na nIasc: astaireacht comhdhéanta ag ι Psc, θ Psc, 7 Psc, γ Psc, κ Psc, λ Psc agus TX Psc
- α Psc:
- ζ Psc:
- ψ<sup.1Psc:
- Túsphointe Aries: ar réaltbhuíon na nIasc, tuairim is 8° laisteas den réalta ω Psc, faightear Túsphointe Aries, .i. cónocht an earraigh, nó an pointe a dtrasnaíonn an éiclipteach an meánchiorcal neamhaí ó thuaidh. Na Sean-Ghréagaigh a thug an t-ainm sin ar an túsphointe seo, toisc go raibh an cónocht ar réaltbhuíon an Reithe sa ré sin; ach le himeacht aimsire d'aistrigh sé go dtí na hÉisc de bharr luainíocht na gcónocht agus is ansin a fhaightear é sa lá atá inniu ann.
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
- M74: faightear M74, réaltra bíseach álainn ach ceann doiléir leis, díreach ar an taobh thoir thuaidh de η Psc
[athraigh] Stair agus miotaseolaíocht
Léiríonn an réaltbhuíon seo dhá rud scothchruinn, agus an dá chuid le chéile ceangailte ar an bpointe céanna ag píosa fada de théad [1]. Go coitianta feictear mar éisc iad na rudaí seo. Ach má chuirtear san áireamh réaltaí níos doiléire atá infheicthe ag an tsúil fhornocht, is dealraitheach le coirp chipíneach iad (agus anois feictear na rudaí scothchruinne mar dhá cheann). De réir cúpla miotas na Sean-Gréige, ní éisc a bhí ann ar chor ar bith ach beirt fhear agus iad ceangailte ar phointe amháin lena gcuid cos. Meastar go coitianta gurbh í réaltbhuíon Iasc an Deiscirt amháin a ionannaíodh le hiasc sna sean-íomhánna.
De réir miotas amháin de chuid na Sean-Gréagach, léiríonn an réaltbhuíon seo na héisc a rinneadh d'Afradaíté is d'Eros agus iad ar teitheadh ón ollphéist Typhon (a ionannaítear sa leagan seo le réaltbhuíon an Mhíl Mhóir). Léirítear an dá iasc go minic agus iad ceangailte le chéile ar chorda chun nach scarfadh ó chéile iad.
De réir leagain eile, tuigtear go bhfuil an snaidhm in Ifreann, ós rud é go bhfuil sí faoin éiclipteach; is cosúil gur éirigh le ceann amháin den dá iasc a éalú, agus go bhfuil an ceann eile ag dul ar ais go hIfreann; mar sin de, is dócha go bhfuil baint éigin ag an réaltbhuíon seo (i dteannta an Mhíl Mhóir, atá ina réaltbhuíon eile ar chomhartha stoidiaca na nIasc) le bunús mhiotas fhuadach Cheirbearais, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
[athraigh] Astralaíocht
Ní hionann comhartha astralaíoch na nIasc a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (Feabhra 19 - Márta 20) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (Márta 12 - Aibreán 18).
Is áitreabh Iúpatair í réaltbhuíon na nIasc agus ardú Véineas. Is iomaí astralaithe nua-aimseartha a ghlacann leis an bpláinéad Neiptiún (a aimsíodh sa bhliain 1846) mar phláinéad ceannasach nó phláinéad comh-cheannasach na nIasc. Tá an réaltbhuíon seo ar cheann de na ceithre chomhartha inathraithe (i dteannta an Chúpla, na Maighdine agus an tSaighdeora).
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Na cosa a rialaíonn réaltbhuíon na nIasc. Tá baint aici chomh maith le dara teach déag na tuismeá, agus mar sin de rialaíonn sí drugaí, rúin agus institiúidí móra, mar phríosúin, ospidéil, agus fiú amháin eagraíochtaí tráchtála nó rialtais.
I dtacsanomaíocht chlasaiceach na míoleolaíochta, tugtar Pisces mar ainm eolaíoch ar fhoraicme éigin - foraicme parafhíliginiteach, mar a cruthaíodh. Féach fosta iasc.
[athraigh] Réaltaí
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- na hÉisc ar shuíomh Robin Gatter
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- na hÉisc agus Miotaseolaíocht an Domhain
- na hÉisc ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: na hÉisc
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: na hÉisc
- na hÉisc de réir lucht na Measpataíme
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht |
an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc |
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |