Robbie Keane
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is peileadóir sacair Éireannach é Robbie Keane, (rugadh é leis an tainm Robert David Keane ar 8 Iúil, 1980). Is as Tamhlacht, Baile Átha Cliath é Keane, agus tá sé ina thosaí leis an gclub Sasanach Tottenham Hotspur F.C., agus an fhoireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann. Chomh maith le sin, roghnaíodh Keane ina chaptaen leis an bhfhoireann náisiúnta i 2006, nuair a rinneadh bainisteoir de Steve Staunton.
[athraigh] Clubanna
Thosaigh Keane ag imirt sacair le Crumlin United i mBaile Átha Cliath. Bhí seans aige dul ag imirt le Liverpool F.C., ach ba mhaith leis bogadh go club níos lú Wolverhamptom Wanderers F.C., mar cheap sé go mbéadh sé níos éasca áit a fháil san fhoireann. D'imir Keane a chéad cluiche le Wolves i 1997, agus scóráil sé 29 cúil i 88 cluiche. Mar thoradh, bhí suim ag na gclubanna níos mó, agus chuaigh sé chun imirt le Coventry City F.C. sa bhliain 1999. Sé miliiún punt ab ea é an praghas an am seo (an praghas ba mhó sa tír ag an am), cé go raibh Keane ach ina dhéagóir fós.
Bhí tús maith ag Keane le Coventry City, agus fuair sé 12 cúil ina chéad 34 cluiche. Mar thoradh, ba mhaith le Marcello Lippi é a thabhairt go dtí an Iodáil, chun imirt leis a fhoireann Inter Milan. Dhíol Inter Milan 13 milliún punt do Choventry, agus chuaigh Keane go dtí Milano chun imirt le Ronaldo, Christian Vieri, agus na peileadóirí cáiliúla eile a bhí anseo. Ní raibh an t-ádh le Keane an am seo áfach. Tar éis cúpla mí, chaill Lippi a phost, agus chaill Keane a áit san fhoireann nuair a tháinig an bainisteoir nua Marco Tardelli isteach.
Cuireadh Keane amach ar iasacht do Leeds United F.C., i Sasana, i mí Nollaig 2000. Bhí rath aige arís, agus d'aimsigh sé 9 cúil ina chéad 14 cluiche. Cheannaigh bainisteoir David O'Leary é i mí Bealtaine, 2001. 12 milliún ab ea an praghas an am seo. Tréimhse deacair ab ea é don chlub, áfach, agus b'éigean dóibh imreoirí a dhíoladh mar gheall ar na fadhbanna airgeadais a bhí acu.
Thóg Glen Hoddle Keane go Tottenham Hotspur, i Londain sa bhliain 2002. Thosaigh Keane ag imirt go hiontach arís, agus bhuaigh sé an duais "imreoir na bliana" sa chlub faoi dhó.
Shínigh Keane conradh nua le Tottenham i mí Márta, 2006.
[athraigh] Foireann náisiúnta
Cé go bhfuil sé ina fhear óg fós, tá slí beatha fada ag Keane i sacair idirnáisiúnta.
D'imir Keane ina chéad cluiche i gcoinne Poblacht na Seice i Olomouc i mí Márta, 1998. Bhí a chéad cúl gnóthaithe amach aige i gcoinne Málta i mí Deireadh Fómhair, sa bhliain céanna. Bhí Corn Sacair an Domhain an-mhaith aige i 2002, le 3 cúil i 4 cluiche. Scóráil sé cúl an-tábhachtach sa chomórtas seo, ag deireadh an chluiche i gcoinne an Ghearmáin.
Ag an am seo, tá níos mó cúl ag Keane na aon peileadóir eile san fhoireann náisiúnta. Tá 29 cúil aige, ocht níos mó ná Niall Quinn.