Scamall Beag Magellan
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scamall Beag Magellan (an dá chéad dóú réad déag is ceithre scór ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta, mar atá, NGC292, nó an trí mhíle ochtú cúigiú ceann ar Phríomh-Chatalóg na Réaltraí): ceann den dá réaltra bheaga neamhrialta a dtugtar Scamaill Magellan orthu.
Feictear an Scamall Beag ar imeall réaltbhuíon an Túcáin, in aice leis an réaltbhraisle chruinneogach a dtugtar 47 Tucanae uirthi. Níl pol theas an sféir neamhaí i bhfad ar shiúl ach an oiread, óir tá an Túcán ag críochantaíocht le réaltbhuíon an Ochtamháin atá suite thart ar an bpol. Cosúil leis an Scamall Mór, tá an Scamall Beag ar ceann de na réaltraí atá ag timpeallú Bhealach na Bó Finne, agus ar na cinn is gaire dúinn. Tá an Scamall Beag suite faoi dhá chéad agus deich míle solasbhliain dínn, agus é thart ar deich míle solasbhliain ar fad is ar leithead. Níl sé chomh saibhir i réaltaí agus an Scamall Mór - tá níos mó deannach agus gás ann.