Seán Ó hEochaidh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Polaiteoir Éireannach é Seán Ó hEochaidh (Teachta Dála). Rugadh é an 8 Samhain 1961 i mBaile Átha Cliath. Mac le Cathal Ó hEochaidh agus a bhean Maureen (iníon le Seán F. Lemass. Fuair sé a chuid oideachais i gColaiste N. Póil, Ráth Eanaigh, agus i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé céim i bPolaitíocht agus Eacnamaíocht agus chuaigh sé le polaitíocht ina óige. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 1985 go 2003, agus ina Ard-Mhéara ar an gcathair ar feadh bliana.
Chaith sé na blianta 1987 go 1992 ina Sheanadóir, agus toghadh chun na Dála é i 1992. Is polaiteoir cúramach coimeádach é atá faoi scáth a athar ó thús agus ní bhfuair sé ardú céime riamh sa Dáil. Choinnigh sé a shuíochán ón chéad uair a toghadh é go dtí an lá inniu.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.