Sléacht Dhomhnach na Fola (1905)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tharla an eachtra seo ar an 22ú Eanáir sa bhliain 1905 i gCathair Pheadair, An Rúis, agus lucht agóideach neamharmtha, síochánta ag súil chuig Pálas an tSár Nioclás II chun achainí a thabhairt dó, nuair a scaoil na Gardaí Impireacht leis an slua. D'eagraig an tAthair Gapon an agóid agus achainí, cé go raibh sé i pá an rialtas (Okhranka) agus mar chuid de na póilíní rúnda.
Botúin mór ab é an eachtra seo ó thaobh an rialtas agus eachtra le iarmhairtí tromchúiseach do réim na Sáir. De bhar an neamhshuim a thaispéain an Stáit do na ghnáth daoine chaill siad a lán tacaíocht uathu. D'ainneoin don eachtra seo níor chuireadh an mileáin go hiomláin ar an Sár toisc nach raibh sé sa chaithir ag an am fiú.
[athraigh] Réamheachtraí
Bhunaigh an tAthair (i ndáiríre ní raibh sé ina Athair ar choir ar bith) George Gapon, an Comhthionól de oibritheoirí monarchaine Rúisigh, le chead oifigiúl óna póilíní chun claon airde a chuir ó corraíl réabhlóideach. Ag deireadh mí na nollaig bhí stailc i monarchan sa Putilov. Tar eis tamail, thosaigh stailceanna báúil timpeall an chathair agus ardaigh méad an stailc go 80,000 daoine. ní raibh leictrachas nó nuachtáin ag oibriú sa chaithir. Dúnadh gach ait póiblí. D'eagraigh an tAthair Gapon mórshiúl suíochánta de oibritheoirí go dtí Pálás an Gheimridh le achainí a thabhairt don tSár an Domhnach sin. Tugadh rabhadh gan rud ar bith a dhéanamh. Thosaigh saighdiúirí ag slógadh timpeall ar an bPálá. D'fhág an tSár an chathair ar an 8ú lá de Eanair don baile Tsarskoe Selo.
[athraigh] Domhnach na Fola
Ar Domhnach an 22ú bhailigh na oibritheoirí a bhí ar stailc agus a chlainn ag sé pointí timpeall an chathair. Agus iad ag iompair siobail reiligiúnach agus ag canadh, shiúil siad i dreo an Pálás gan chuir isteach óna póilíní. Chuireadh mná agus paistí chun tosaidh dén gnó ag súil nach ionsóid na saighdiúirí iad. Scaoil, na saighdiúirí in aice an Pálás áfach, urchar rabhadh thar na sluaite chun iad a bhriseadh suas. Scaoileadh le Gapon in aice Geata an Narva Mairíodh timpeal daichead daoine ach tháínig Gapon as slán.
Níl figiúirí cinnte againn faoi cé mhéad a maríodh. Deireann taifeadann oifigiúil an Sár go raibh 96 básaithe agus 333 gortaithe; deireann foinsí in aigheadh an rialtas gur mairíodh níos mó na 4,000; na meastúcháín measarthach ná timpeall 1,000 in iomláin (máirithe agus gotaithe tríd urchair nó satail orthu sa trioblóid ina dhiadh tógtha san áireamh). Scríobh Nicholas II gur lá pianmhar í, ach scaip an nuacht go tapfaidh agus tar eis tamail thit an chathair as a cheile le neamhord agus thosaigh creachadh agus robáil. Dúnadh Tionól Gapon an lá sin agus d’ealaigh sé ón tir go. Nuair a d’fhill sé i mí Deireadh, feallmhairigh a chara, Pinhas Rutenberg, é nuair a d’inis Gapon leis go raibh sé ag obair leis na póilíní rúnda.
Leis an eachtra seo chuireadh tús le Réabhlóid na Rúise sa bhliain 1905 (a críochnaigh sa deireadh gan toradh).