Teangacha Gaelacha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Síolraíonn na teangacha Gaelacha ón Sean-Ghaeilge a labhraítí in Éirinn, agus ba teanga scríofa í ón 8ú Aois agus roimhe. Rinne Gaeil as Éirinn ruaigeanna, agus ina dhiaidh sin churadar fúthu in iardheisceart na hAlban. Thugadar an Ghaeilge leo, agus de réir a chéile ba í an Ghaeilge an gnáththeanga sa chuid is mó d'Albain go dtí an 17ú chéad.
Bhí tiochar na Gaeilge go láidir freisin in Oileán Mhanann, agus cé gur cailleadh an cainteoir dúchais deiridh i nGaeilge Mhanann i lár an 20ú Aois, tá beagán daoine fós ag saothrú na teangan ar chúiseann cultúir agus oidhreachta.
Sa sean-scríbhinn bhí Gaedhealg mar fhoirm coitianta ar theanga dúchasach na hÉireann, ach bhí raidhse bealaí lena rá, maille le leaganacha eile. Féach tús an ailt Gaeilge. Ach leis an gcaighdeánú litriú agus gramadaí a déanadh san am ar chuir rialtas Phoblacht na hÉireann an cló Rómhánach ar an teanga, féachann ainmneachas na saghasanna Gaeilge, chomh maith le roinnt mhaith eile d´ábhar na dteanga, níos faide óna chéile.
Is iad na teangacha Gaelacha, agus ainm na teangan i dteanga na tíre féin á leanúint, ná:
- Gaeilge na hÉireann
- Gaeilge na hAlban, nó Gàidhlig
- Gaeilge Mhanann, nó Gaelg (uaireanta Manannais)
athraigh Teangacha Ceilteacha | ||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh |