TG4
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is stáisiún teilifís Ghaeilge é TG4. Thosaigh sé ag craolú ar Oíche Shamhna 1996 mar "TnaG". Ar dtús, ní raibh a lán cláracha Gaeilge ann, agus cáineann a lán daoine an stáisiún mar sin, ach tháinig feabhas mór ar an stáisiún ón am seo. Tá an chuid is mó den chláracha as Gaeilge anois agus tá a lán cláracha acu ag tabhairt aire ar a lán lucht féachana difriúla. Mar shampla, tá clár ann do dhaoine óg, Cúla 4 le cartúnaí Gaeilge. Tá mír cúrsaí reatha ann le cláracha gairmeach, m.sh. an Nuacht. Príomhchláracha eile ná Ardán, Séideán Staire, Ros na Rún,Aifric agus Amú le Hector.
D'éirigh leis an stáisiún méid réaltaí a seoladh in Éirinn, m.sh. na deirfiúracha Seoige, Gráinne agus Síle, agus Hector Ó hEochagháin. Tá cláracha cáiliúla acu anois cosúil leis The O.C., Nip/Tuck agus cláracha cáiliúla Meiriceánacha eile. Mar thoradh, tá méid mór lucht féachana acu anois agus níl sé stáisiún ceap magaidh a thuilleadh, is stáisiún proifisiúnta measta é anois.
[athraigh] Stair an Stáisiúin
Thosaigh an stáisiún ag craoladh Oíche Shamhna (31 Deireadh Fómhair) 1996 mar TnaG. Ag an am sin, ní bhíodh a lán cláracha acu, tháinig deireadh luath leis an craoladh gach aon lá agus bhíodh a lán cláracha Béarla acu freisin. Ó sin, chuaigh sé ó neart go neart, ag piocadh suas lucht féachana mar thoradh ar a chláracha gairmeacha. Ar dtús ní raibh a lán airgead acu agus bhí sé faoi bhos ag RTÉ. I 1999 athsheoladh an stáisiún faoin teideal TG4 (Telefís Gaeilge 4) faoin údarás TeleGael, cumann eile faoi RTÉ. Ón am sin, tugann RTÉ buiséad do TG4 chun caitheadh aon chaoi a mhaith leo. Thosaigh siad ag craoladh níos mó cláracha dírithe go daoine fásta, ag seoladh 'Séideán Staire' agus 'Ardán'. Chomh maith le sin, leathnaigh siad a rath mór, an tsraith taisteal Amú, le Hector Ó hEochagháin. Rinne an seó seo réalta mór as Ó hEochagháin agus thóg TG4 a lán lucht féachana as. I 2005, thosaigh sé ag craoladh go hoifigiúil i dTuaisceart Éireann agus d'oscail sé milliúin lucht féachana féideartha chun a chainéal. Anois, téann TG4 ó neart go neart, le príomhchláracha den chéad scoth agus réalta móra ón stáisiún.