Uathachas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mí-ord le fadhbanna iompair agus teanga is ea an t-Uathachas.
Is iad príomhtréithe an uathachais ná:
- Easpa idirghníomhaíocht shóisialta
- Easpa nó moill in úsáid teanga
- Suim thar fóir i rudaí ar leith
Ní mí-ord de chineál amháin atá i gceist, áfach. Labhraítear faoi speictream mí-oird an uathachais. Is féidir na mí-oird a rangú de réir cé chomh dona is atá siad. Sampaí is ea
- Uathachas leanbaí de réir Leo Kanner
- Siondróm Asperger
B'é Leo Kanner, a rugadh san Ostair i 1894, a thug an chéad chur síos ar airíonna an uathachais. D'fhoilsigh sé páipéar tábhachtach, Autistic Disturbances of Affective Contact, i 1943, agus b'é seo bunús ar staidéar eolaíoch faoin t-uathachas, in éineacht le hobair Asperger.
D'úsáid Lorna Winger an téarma "siondróm Asperger" don chéad uair i 1981. Ba phéidiatraí ón Ostair Hans Asperger a rinne an chéad chur síos ar an siondróm ina thráchtas dochtúireachta i 1944. Die Autistischen Psychopathen a thug sé air. I rith na 1940í, rinne Asperger staidéar ar ghrúpa buachaillí a bhí difriúil ó thaobh iompar pearsanta de, i gcomparáid le leanaí eile. Bhí fadhbanna teagmhála is sóisialta acu a bhí cosúil le leanaí le huathachas ach ní raibh na fadhbanna urlabhra is teanga a baineadh le huathachas acu.
Cé gurbh Ostaraigh an bheirt acu, níor bhuail siad riamh le chéile.
Le déanaí tá imní ag borradh in Éirinn faoin vacsaín MMR (Bruitíneach, Leicneach agus Bruitíneach Dhearg) tar éis staidéar ón Dr. Andrew Wakefield sa Ríocht Aontaithe faoin gceangal idir an t-uathachas agus an MMR. Níl aon bhaint chruthaithe idir an t-uathachas agus an vacsaín go dtí seo.