Valladolid
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is cathair tionscailíochta í Valladolid ar abhainn an Pisuerga agus taobh istigh den réigiúin Ribera del Duero, an Spáinn. Is í príomhchathair den cúige Valladolid sa comhphobal féinrialaithe Castilla y León, agus chuid den réigiún stáiriúl Castile.
[athraigh] Sanasaíochta
Deirtear gur tháinig ainm na háite ón Laidin : VALLIS, "Gleann"; agus an focal Ceilteach: TOLITUM, "suíomh le buaile dhá abhainn". Cíalaíonn sé freisin "cathar sa scamall"[1]. Tá ceangailt ag a ainm le ainm Árabais do chathair بلد الوليد a cíallaíonn An Cathair de Walid.
Glaotar Pucela uirthi freisin, leasainm, nach bhfuiltear cinnte cá fhás a tháinig sé, ach b'fhéidir ceangailte le na ridire a chuaigh le "Juana de Arco".
[athraigh] Stair
Ghabh na Muraigh an ait sa 10ú aois. D'fheabhsaigh an cunt Pedro Ansúrez an sráidbaile sa 11ú aois; sa 15ú aois bhí sé mar ait cónaithe do ríthe Castile agus mar príomhchathair Ríocht na Spáinne go dtí 1561, nuair a bhog Philib II an príomhchathair go dtí Maidrid. Fuair Criostóir Colambas bás i Valladolid sa bhliain 1506 i teach a bhfuil mar iarsmalainn dó. Rinne Philib III príomhchathair arís di, idir 1601 agus 1606.
I measc Séadchomharthaí an chathair tá, an ardeaglais neamhcríochnaithe, Eaglais Santa Maria la Antigua, an Plaza Mayor (rinneadh cóip den Plaza seo i Maidrid agus auteanna eile ar fud an domhain Spáinneach), an Iarsmalainn Dealbhóireachta Náisiúnta, in aice Eaglais Naomh Pól, ait a bhfuil an cnuasach ba mhó de dealbh adhmad polacrómatach sa Spáinn, agus dámh dlí de Ollscoil Valladolid, tá aghaidh an Ollscoild seo mar cheann de na oibreacha Narciso Tomei a bhfuil fágtha. Tá an iarsmalainn Eolaiochta in aice abhainn na Pisuerga. Tá an t-aon teach de Miguel de Cervantes a bhfuil fós ag seasamh suite i Valladolid freisin. Cé nach bhfuil an ardeaglais críochnaithe, bhí ardeaglais Valladolid deartha ag Juan de Herrera, a bhí mar ailtire do El Escorial.