Walter Scott
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba úrscéalaí stairiúil agus file é an Ridire Walter Scott, Bart. (14 Lúnasa, 1771 – 21 Meán Fómhair, 1832) a raibh aithne air ar fud na hEorpa lena linn féin.
Léitear a chuid úrscéalta agus dánta i gcónaí, ach níl an tóir chéanna ar a shaothar anois is a bhí lena linn féin. Is cuid de chlasaicigh na litríochta Béarla iad. I measc na leabhar cáiliúil tá Ivanhoe, Rob Roy, Lady of the Lake, Waverley agus The Heart of Midlothian. Chuir Seosamh Mac Grianna Gaeilge ar Ivanhoe.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.