Éamon Ó Dugáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Polaiteoir, dlíodóir agus náisiúnaí Éireannach ab ea é Éamon Ó Dugáin (1874 - 6 Meitheamh, 1936), nó Eamonn S. Duggan mar a ghlaoitear air as Béarla. Bhí sé ina bhall den pháirtí Éireannach Sinn Féin, agus throid sé le linn Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Cuireadh faoi ghlas é, ach ligeadh saor é sa bhliain 1917 agus chuaigh sé díreach isteach san IRB.
B'as Contae na Mí é Ó Dugáin. Toghadh é ina Theachta Dála sa Chéad Dáil sa bhliain 1919, agus bhí sé i measc na daoine a shínigh an Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921. Rinneadh Aire Gnóthaí Baile de i rialtas an tSaorstáit nua, agus chaith sé tréimshe ina rúnaí don Aire Cosanta agus an Choiste Fheidhmiúcháin. D'fhan Ó Dugain amach as an olltoghchán sa bhliain 1933, agus thóg sé áit ina sheanadóir i Seanad Éireann. B'é Ó Dugain an tsaoránach deireanach a ghlac an mionn dílseachta agus é ag dul isteach san Oireachtas.
Fuair Ó Dugáin bás go tobann i nDún Laoghaire, Baile Átha Cliath sa bhliain 1936.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.