Conradh Angla-Éireannach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sa bhliain 1921, tar éis Chogadh na Saoirse, shínigh ionadaithe na Chéad Dála agus rialtas na Breataine an conradh síochána ar a dtugtar an Conradh Angla-Éireannach. B'é an conradh seo a chuir an chríochdheighilt i bhfeidhm ar Éire. Roinneadh oileán na hÉireann ina dhá stát, mar atá, Shaorstát Éireann, a bheadh ina Tiarnas cosúil le Ceanada, leis an Astráil agus leis an Nua-Shéalainn, agus bhí Tuaisceart Éireann, a bhí le fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Idir sin agus an lá inniu, gaireadh Poblacht den tSaorstát go hoifigiúil, agus Tuaisceart Éireann fágtha sa Ríocht Aontaithe. Bhí Éire le fanacht laistigh de Comhlathas na Breataine, agus bhí trí chalafort le fanacht in úsáid na Breataine, Baile Chaisleáin Bhéara, an Cóbh agus Loch Súilí. D'fhan Calafoirt an Chonartha seo faoi smacht na Breataine go dtí an bhliain 1938.
I ndiaidh an tsínithe, ní raibh na hÉireannaigh ar aon tuairim faoin gConradh, agus bhris Cogadh Cathartha amach idir lucht a thacaithe agus iad siúd a chuir ina choinne.