A1
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Príomhbhóthar i dTuaisceart Éireann is ea an A1. Tosaíonn sé i lar Bhéal Feirste thart fá cheathrúmhíle siar ó Halla na Cathrach. Leanann sé frí dheisceart na cathrach ar Bhóthar Lios na gCearrbhach go Fionn Achaidh, Dún Muirígh, agus ina ndiadh sin go Cathair Lios na gCearrbach féin.
Críochnaíonn an cúrsa cóngarach do Bhaile an Chláir i ndeisceart Chontae Ard Mhacha, ag an teorainn le contae na Poblachta, Contae Lú. As sin leanann an bóthar ar aghaidh go Baile Átha Cliath darb ainm an N1.
I láthair na huaire, is é an M1 an t-ainm don mhótarbhealach, a bhfuil ina sheachbhóthar leis an A1 ó lár Bhéal Feirste go Sprucefield, suite míle i ndiadh Lios na gCearrbhach. As sin go ceann thart fá scór mhíle, tá carrbhealach dúbailte déanta fá choinne mhéid na tráchta ar an bhóthar seo is gnóthaí ar Éire.
[athraigh] Feabhsú
Téann an A1 thart Iúr Cinn Trá ar sheachbhóthar beag, ach tá an riatlas ó thuaidh ag siúl go mbeidh an t-airgid curtha ar fail dóibh ins na blianta beaga seo chugainn, agus go mbeidh said in ann cearrbhealach d’ard-chaighdeán (le ceangail ar nós mótharbhealaigh &rl) a dhéanamh in áit sheabhóthar an Iúir síos go Dún Dealgán i gContae Lú. Cuirfidh an tógra seo deireadh leis an tionscadáil a bhí ag an dá riatlas, chun mótarbhealach/cearbhealach a dhéanamh idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath.
[athraigh] Áiteacha ar an chúrsa
- Béal Feirste (ceangail leis an A11 agus an B23)
- Fionn Achaidh (A55)
- Dún Muirígh (B102 (deireadh Bhóthar Bhaile Andarsan), A512 (Seachbhóthar Dún Muirígh))
- Lann Bheag
- Lios na gCearrbhach (A3, A30, A49, B101, B104, B23)
- Cromghlinn (B177, B178)
- Droim Mór (B2, B25)
- Doichead na Banna (A26, A50, B10)
- Loch Bricleann (B3)
- Iúr Cinn Trá (A25, A27, A28, B8, B113, B133)
- Baile an Chláir (N1 ar aghaidh go BÁC)