Cúigear Ros Dumhach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugann na meáin cumarsáide Cúigear Ros Dumhach ar ghrúpa fear ó Ghaeltacht Iorrais i gContae Mhaigh Eo in Éirinn a cuireadh isteach i bpríosún Chnoc na Seimre i mBaile Átha Cliath cionn is gur dhiúltaigh siad cead don chomhlacht ilnáisiúnta ola, Shell, píblíne gáis a thógáil ar a gcuid talún i Ros Dumhach chun gás a thógáil i dtír. Is siad na fir sin ná James Brendan Philbin, na deartháireacha Philip agus Vincent McGrath, Willie Corduff agus Micheál Ó Seighin. Dhiúltaigh na fir san Ard-Chúirt gan cosc a chur ar Shell píblíne a thógáil fríd a gcuid talún agus chuir an tArd-Chúirt chun príosúin iad ar an 29 Meitheamh 2005, áit a d'fhan siad go dtí an 30 Meán Fómhair. Bhí léirsithe ar bun ar fud na hÉireann ag tacú leo. Ainmníodh Peter Cassells mar idirghleacaí sa chonspóid. Tá an cúigear fós leanmhar san feachtas Shell chun Sáile.
Tá conspóid náisiúnta ar bun anois maidir le hacmhainní nádúrtha na hÉireann agus maidir leis an gcinneadh a tógadh sna hachtanna airgeadais i 1987 agus 1992 ráta cánach íseal a thabhairt do chomhlachtaí ilnáisiúnta ar nós Shell chun taiscéalaíocht a dhéanamh amach ó chósta na hÉireann sa tóir ar ola is gás. Is é gás na Coiribe an t-ainm a tugadh ar an tobar seo.