Contae Mhaigh Eo
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae Mhaigh Eo | |
Achar: | 5,397 km² |
Príomhbhaile: | Caisleán an Bharraigh |
Daonra: | 123,648 (2006) |
Cúige: | Connachta |
Clár ábhair |
[athraigh] Cur i Láthair
Tá Maigh Eo nó Contae Mhaigh Eo ar chósta thiar na hÉireann. I gCúige Chonnacht atá sé. Ó Mhainistir Mhaigh Eo, nó Maigh Eo na Sacsan, i lár an chontae a thagann an t-ainm, agus is éard is ciall leis ná machaire nó maigh le crainn eo nó iúir. Is é Caisleán an Bharraigh an príomhbhaile atá ann.
Tá Cnoc Mhuire, ina ndeirtear gur thaispeán an Mhaighdean Muire í féin do leanaí, gar do theorann Chontae Ros Comáin, agus tá basilica anois ann, le busanna cuairteoirí ar a thriall chuile bhlian. Tógadh aerfort an aice lámha i mBaile Chathail, tar éis feachtais a reachtaigh an Canónach Tomás Ó hOdhráin, ar a dtugtar Aerfort Chnoic Mhuire nó Aerfort Horan. In iarthar an chontae atá Cruach Phádraig, sliabh ar a ndeirtear go rinne Naomh Pádraig troscadh ar feadh 40 lá agus 40 oíche. Bhí beagán Gaeilge sa chontae i rith an chéid seo chaite, ach tá lagar mór tagtha ag líon na nGaeilgeoirí inniu. Mar sin féin tugtar Gaeltachtaí ar cheantair mór thimpeall Thuair Mhic Éide, cuid d'Acaill agus Iorras. Tá fíor-Ghaeltachtaí fágtha i nDún Chaocháin agus ar an bhFál Mór/Eachléim.
[athraigh] Tionscal
Tá an turasóireacht tábhachtach in iarthar agus i dtuaisceart an chontae. Tá iascach maith sna lochanna, ar nós Loch Measca, agus sna haibhneacha i gcontae Mhaigh Eo, mar go bhfuil an uisce glan, agus tá cáil idirnáisiúnta ar an Muaidhe dá bharr. Ní raibh mórán tionscail trom i Maigh Eo ar feadh na céadta blian. Bhí an ainm ar Mhaigh Eo le fada ar bheith bocht, agus is fíor go raibh an-chuid imirce ó Maigh Eo go dtí blianta beaga anuas. Deirtí faoi, "Muigh Eo, Dia 'ár sábháil". Tá an talamh garbh go maith in iarthar an chontae, agus théadh cuid mhaith spailpíní as Maigh Eo go feirmeacha torthúla sa chuid eile den tír, go Sasana agus go hAlbain.
[athraigh] Stair Mhaigh Eo
Tá cruthú ó thochailt i Machairí Chéide go bhfuil daoine ag cur fúthu sa chuid seo den tír leis na mílte blian. In aimsir Eilís I, ba fhoghlaí mara as Acla í Gráinne Uí Mháille nó Gráinne Mhaol a raibh eagla agus omós ag Gael agus Gall di. Ag deireadh an 19ú Aois, bhí Mícheál Dáibhéad as an tSráid sa chontae ina cheannaire ar Chonradh na Talún, agus bhí an-aighneas idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún, mar gheall ar an gcruatan a bhí ar na gnáthdhaoine i rith ghortaí agus ina ndiaidh. Tháinig an Ginearál Humbert i dtír i gCill Ala sa bhlian 1798, le cuidiú leis an éirí amach, agus d'éirigh go maith leo ar dtús. Tugtar Rásaí Chaisleáin an Bharraigh ar ar éacht seo. Ar ndóigh tháinig arm Shasana i gceannas ar an éirí amach ar deireadh.
[athraigh] Bailte i gContae Mhaigh Eo
- Baile an Chaisil, Baile an Daighin, Baile an Róba, Baile an Tobair, Baile Chathail, Baile Uí Fhiacháin, Balla, Béacán, Béal an Átha, Béal an Mhuirthead, Béal Átha Bhearaigh, Béal Átha hAmhnais, Béal Átha na Muice, Béal Deirg, Béal Easa, Beannchar
- Caisleán an Bharraigh, An Caol, Caorthannán, Cathair na Mart, Ceathrú Thaidhg, Cill a' Ghallagáin, Cill Ala, Cill Cheallaigh, Cill Mheáin, Clár Chlainne Mhuiris, Cluain Cearbán, Cnoc Mhuire, Coillte Mách, Conga Fheichín, An Creagán Bán, Crois Mhaoilíona
- An Eachléim, An Éill
- Gleann an Fháin, Gob an Choire
- Leac an Anfa
- Magh nUladh, Maigh Eo, An Mhala Raithní, Maolla, Muraisc
- Pártraí, Pont Abhann
- Ros Dumhach
- An tSráid, Sruthair
- Tuar Mhic Éadaigh
[athraigh] Áiteanna eile i gContae Mhaigh Eo
- Loch Measca
- Néifin Beag
- Oileán Acla
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Suíomh oifigiúil Chontae Mhaigh Eo
- Fánaíocht i gcontae Mhaigh Eo - seanleabhar taistil faoin gcontae ar an Idirlíon.
Contaetha na hÉireann | |
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach | |
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | Lú | An Mhí | Uíbh Fhailí | |
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas) | |
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain | |
An deighilt polaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann |