Coiscéim
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhlacht foilsitheoireachta Éireannach a bhunaigh Pádraig Ó Snodaigh nuair nach raibh foilsitheoirí Chonradh na Gaeilge, Clódhanna Teoranta, sásta níos mó filíochta a chur i gcló. Ó bunaíodh an comhlacht tá na céadta leabhar de gach cineál foilsithe aige ó údair ar nós Tomás Mac Síomóin, Conleth Ellis, Diarmaid Ó Súilleabháin, Deirdre Brennan, Gabriel Rosenstock, Seán Mac Mathúna, Michael Hartnett, Pádraig Ó Cíobháin agus na sluaite eile, idir úrscéalaithe, gearrscéalaithe, filí, drámadóirí, lucht aistí agus aistíle. D'fhoilsigh sé an-chuid aistriúcháin ó theangacha éagsúla chomh maith. Áirítear go bhfuil os cionn sé chéad leabhar curtha amach ag an gcuideachta seo.