Web Analytics

See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Mícheál Dáibhéad (polaiteoir) - Vicipéid

Mícheál Dáibhéad (polaiteoir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é seo leathanach faoin polaiteoir Mícheál Daibhéad. Duine eile an file; féach Michael Davitt.

Bhí Mícheál Daibhéad (25 Márta 184630 Bealtaine 1906) ina fheachtasóir sóisialta Éireannach agus ina pholaiteoir náisiúnach agus ba é a bhunaigh Conradh na Talún.

Mícheál Mac Daibhéid.
Mícheál Mac Daibhéid.

Clár ábhair

[athraigh] Tús a shaoil

Rugadh Mícheál Mac Daibhéid sa tSráid i gCo. Mhaigh Eo ag an tréimhse ba mheasa den Ghorta Mór. Ba é an dara páiste de chúigear clainne é a saolaíodh do Martin agus Sabrina Daibhéad. Nuair a bhí Mícheál sé bliana d’aois díshealbhaíodh a mhuintir agus bhí ar a athair dul ar imirce go Sasana ar thóir oibre. Nuair a dhiúltaigh a bhean chéile agus a mhuintir dul isteach i dTeach na mBocht tháinig an sagart paróiste sa tSráid, An tAthair John Mc Hugh, i gcabhair orthu agus thug sé dídean dóibh. Ar deireadh, i 1855, chuaigh Bean Dháibhéid agus na páistí thar sáile go dtí an baile tionsclaíoch Haslingden i Lancashire mar a raibh Martin ina chónaí.

Ní raibh Mícheál ach deich mbliana d’aois nuair a chuaigh sé ag obair i muileann cadáis ach faoi cheann dhá bhliain bhain timpiste le meáisín sníomhacháin dó agus b’éigean an ghéag dheis a bhaint de. I ngeall ar an ngortú sin, d’fhreastail sé ar scoil Wesleyan ar feadh dhá bhliain nó go ndeachaigh sé ag obair i gclólann. Is thart faoin am seo a chur sé spéis i stair na hÉireann agus an riocht ina raibh saol sóisialta na hÉireann.

[athraigh] Na Fíníní

Ba é an spéis seo a spreag é le dul isteach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (BPÉ), nó Na Fíníní, i 1865. Dhá bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh sé as a phost le bheith ina Ard-Rúnaí ar Na Fíníní i dTuaisceart na Breataine agus in Albain.

Gabhadh i Londain é i 1870 agus é ag fanacht le seilbh a ghlacadh ar lastas airm. Daoradh téarma cúig bliana déag príosúnachta air ach ní raibh air ach seacht mbliana a chur isteach. Ar 19 Nollaig, 1877 ligeadh é féin agus na príosúnaigh pholaitíochta eile amach faoi choinníollacha áirithe. Ach lean sé lena chuid imeachtaí agus tamall ina dhiaidh sin ceapadh ar Ard-Chomhairle BPÉ é.

Bhí a mháthair agus triúr deirfiúracha leis tar éis socrú síos i Philadelphia in 1873. Nuair a scaoileadh saor é chuaigh sé go Meiriceá ag lorg tacaíochta ó na pobail Ghael-Mheiriceánacha dá bheartas nua “The Land for the People”. Ba le linn dó a bheith i bpríosún gur rith sé leis gurb é úinéireacht ar thalamh na hÉireann ag muintir na hÉireann an t-aon leigheas ar fhadhbanna na ndaoine agus ba mhinic a chualathas é ag rá a leithéidí seo ag cruinnithe ina dhiaidh sin: “The land question can be definitely settled only by making the cultivators of the soil the proprietors”. I 1870 thug Rialtas na Breataine Acht Talún isteach a bhí bunaithe ar an gcoincheap “cíosanna cothroma” ach, i dtuairim Mhíchíl Dháibhéid, níor leor sin - ní bheadh dul chun cinn déanta ag cosmhuintir na hÉireann go dtí go mbeadh sé de cheart acu seilbh bheith acu ar a gcuid talún féin.

[athraigh] Cogadh na Talún

Ar theacht abhaile dó i 1879 bhí dálaí an ghorta ar Iarthar na hÉireann arís. Bhí sé ar cheann de na blianta ba fhliche riamh agus bhí teipthe ar bharr na bprátaí don triú bliain as a chéile. D’fhreastail an Dáibhéadach ar chruinniú mór ar an mBaile Gaelach, Co. Mhaigh Eo ar 20 Aibreán mar a leagadh síos pleananna le haghaidh ollfheachtais agóide a raibh sé mar aidhm aici cíosanna a ísliú. I gCaisleán an Bharraigh ar 16 Lúnasa 1879 bunaíodh Conradh na Talún Mhaigh Eo go foirmiúil le lántacaíocht ó Shéarlas Stíobhardach Parnell (Charles Stewart Parnell). Ar 21 Deireadh Fómhair ceapadh Parnell ina Uachtarán ar Chonradh na Talún agus bhí an Dáibhéadach ar dhuine de na rúnaithe air. Anois bhí bunáite gach brainse den fheachtas agóide agus den ghluaiseacht um chearta talún do thionóntaí faoi aon scáth amháin. Ba é a bhí de dhíth ar Cogadh na Talún ná na trí F-anna (.i. cíos cóir, cinnteacht seilbhe agus ceart díola ) agus ón uair sin go 1882 tugadh faoin gcath le dúthracht.

Cuireadh an Dáibhéadach i bpríosún arís in 1881 de bharr a chuid óráidí neamhbhalba ach ba ghearr gur scoileadh saor é. In 1883 cuireadh i bpríosún arís é. Nuair a ligeadh amach é in 1882 chuaigh sé i mbun feachtais le go mbeadh úinéireacht ar thalamh na hÉireann ag an Stát chomh maith le comhghuaillíocht a thionscnamh idir lucht oibre na Breataine, oibrithe na hÉireann agus feirmeoirí tionóntacha. In 1882 toghadh mar fheisire parlaiminte é do Chontae na Mí ach níor acmhainn dó freastal ar an bParlaimint de bharr gur i bpríosún a bhí sé ag an am. Tamall ina dhiaidh toghadh mar fheisire parlaiminte do Chontae na Mí é. Cé nach raibh sé féin agus Parnell ar aon tuairim faoi cheist na talún thug sé lántacaíocht don chomhghuaillíocht Liobarálach/Náisiúnach - fiú in 1890 nuair a bhí scoilt sa pháirtí de bharr cholscaradh Pharnell. Thaobhaigh sé leis an bhfaicsean frith-Pharnell sa Pharlaimint ach de réir a chéile ghéaraigh ar a mhífhoighne nuair a chonacthas dó an easpa cumais nó tola ag an institiúid sin le deireadh a chur leis an éagoir. Agus Dáil na Breataine á fhágáil ina dhiaidh aige in 1886 thuar sé “no just cause could succeed there unless backed by physical force”.

[athraigh] Dul chun cinn

A bhuíochas d’iarrachtaí leanúnacha Mhíchíl Dháibhéid tugadh tuilleadh achtanna talún isteach i ndiaidh an chéad Acht Talún de chuid Gladstone in 1870. Ba é an cheann ba thábhachtaí Acht na Talún 1881 a thug aitheantas ar deireadh do na 3F-anna. I 1903 tháinig Acht Wyndham i bhfeidhm - acht a chuir ina luí go láidir ar Thiarnaí Talún a gcuid eastát a dhíol le Coimisiún na Talún. Ba iad anáidí feirme in ionad cíosa a bheadh le híoc ina dhiaidh sin. I ndeireadh na dála d’aistreofaí úinéireacht talún ó na tiarnaí talún go dtí na tionóntaí. Bhí cuspóir an Daibhéadaigh curtha i gcrích ar deireadh. D’easaontaigh sé le hAcht Wyndham toisc nár chóir tiarnaí talún a chúiteamh ar thalamh ar leis An Stát é, dar leis.

Bhí baint aige le bunadh Cumann na nÉireannach Aontaithe, agus áirítear é leis ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Lucht Oibre na Breataine chomh maith le bheith ina inspioráid don Irish Land and Labour Association le D.D. Sheehan. Dúirt Mahatma Gandhi roinnt blianta ina dhiaidh sin go ndeachaigh An Daibhéadach agus Conradh na Talún go mór i gcion air agus an ghluaiseacht um léirisú síochána á bunú aige san Inde.

Nuair a d’éag an Daibhéadach i 1906 d’fhreastail Fear-Ionad an Rí ar an tsochraid, rud a léirigh an turas polaitiúil a bhí curtha de ag an iarphríosúnach de chuid na bhFíníní. Tá sé curtha sa tSráid, a bhaile dúchais. Tá an droichead idir Oileán Acla agus an mórthír a bhaisteadh as Daibhéad.

I dteangacha eile

Static Wikipedia (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu

Static Wikipedia February 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu