Earnán de Blaghd
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Polaiteoir Éireannach ab ea é Earnán de Blaghd (Béarla: Ernest Blythe, 13 Aibreán 1889 - 23 Feabhra 1975). Protastúnach ó Lios na gCearrbhach ab ea é. Ghlac sé páirt sa troid ar son neamhspleáchas na hÉireann, ach nuair a bhí Éirí Amach na Cásca faoi lán an tseoil i mBaile Átha Cliath, bhí seisean díreach sa phríosún. Thug sé an-tacaíocht don Chonradh Angla-Éireannach agus do na Léinte Gorma. D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1935 le dul le hamharclannaíocht. Bhí sé ina Ghaeilgeoir dílis riamh, agus d'fhoilsigh sé trí leabhar dírbheathaisnéise sa teanga, mar atá, Trasna na Bóinne (1957), Slán le hUltaibh (1971), agus Gaeil á Múscailt (1973).
Bhí Earnán ag obair mar iriseoir sinsireach leis an North Down Herald i 1909.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.