Fianna Fáil
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is pairtí polaitiúil é Fianna Fáil i bPoblacht na hÉireann. Tagann an t-ainm ón seanchas mar ba bhuíon laochra iad na Fianna faoi cheannas Fhinn Mhic Cumhaill. B'ainm "Inis Fáil" a glacadh mar ainm eile ar Éirinn. Bhí scoilt i Sinn Féin tar éis an conradh i 1922 idir Éirinn is an Bhreatain Mhór a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse. D'fhág Eamon de Valera Sinn Féin i 1925 mar níor mhaith leis an bpairtí a suíocháin a ghlacadh sa Dháil mar gheall ar an mionn dílseachta do rí na Breataine. Ag an am sin, dúirt Seán Lemass gur 'pairtí leath-bhunreachtúil' ab ea an pairtí mar ní raibh siad ach ag féachaint cad ab fhéidir leo a fháil trí mheáin polaitiúla agus dá mbeadh gá ann, d'fhillfeadh siad arís ar an bhforéigean.
Bunaíodh an pairtí le trí bhunaidhm -
- An tír a athaontú
- Tír féin-chothú a chruthú
- Tír sóisialach a chruthú
Is é Fianna Fáil an pairtí is mó in Éirinn agus bhí siad i gcumhacht i 23 Dáil as an 29 a bhí ann. Ba rialtas Fhianna Fáil é an rialtas is faide, ó 1932-1948, nuair a tháinig comhrialtas i gcomharba orthu, a thit ceithre bliain níos déanaí nuair a bhuaigh Fianna Fáil olltoghchán eile faoi Eamon de Valera.
[athraigh] Stair
Bhunaigh an pairtí a gcéad rialtas i Mí na Márta 1932 le cabhair ón Lucht Oibre. Ghéill rialtas Chumann na nGaedhael riarachán na tíre dóibh agus ba chéim mhór í seo do dhaonlathas na hÉireann mar bhí na daoine céanna á marú i gCogadh Cathartha cúpla bliain roimhe sin. I mí Eanáir 1933 d'fhógair de Valera tobthoghchán agus bhuaigh an pairtí móramh sa Dáil.
Tháinig a lán scannal chuig Fianna Fáil trína bliana. An Triail na nArm sa seachtóidí, nuair a cúisíodh Cathal Ó hEochaidh agus aire eile ó bheith ag tabhairt airm don tIRA, agus díbríodh iad ón gcaibinéid. Fuair an triail amach nach raibh baint acu le airm soláthar agus d'éirigh leis an Eochaigh a bheith ina Thaoiseach níos déanaí. Sna nóchaidí, bhí cúpla scannal faoi thabhairt conradh pleanála. Mar thoradh, chuaigh daoine chuig priosún agus chuir an rialtas a lán binse fiosrúcháin ar bhun.
[athraigh] Ceannairí
Is é Eamon de Valera an ceannaire a mhair an t-am is faide.
- Eamon de Valera, 1926-1959
- Seán Lemass 1959-1966
- Seán Ó Loingsigh1966-1979
- Cathal Ó hEochaidh 1979-1992
- Ailbhe Mac Raghnaill 1992-1994
- Parthalán Ó hEachthairn 1994-anois