Dáil Éireann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Dáil Éireann an teach ísle an Oireachtais, an phairlaimint i bPhoblacht na hÉireann. Toghtar go díreach é ar a laghad uair amháin gach cúig bliana leis an córas ionadaíocht chionmhar agus an t-Aonvóta Inaistrithe. Tá cumhacht cosúlacht ann ná a bheith ag teach ísle i ndála eile. Is é thar a bheith an craobh ceannasach san Oireachtas. Tá cumhacht aige aon dlí ar mhaith leis a cheapadh. Cruinníonn sé i dTeach Laighean i mBaile Átha Cliath ó 1922.
[athraigh] Stair
Bunaíodh an Chéad Dáil sa bhliain 1919. Ba Dháil réabhlóideach é, a bhí bunaithe ar an lá a bhris Cogadh na Saoirse amach sa tír. Tar éis an Chonartha, vótáil an Dáil é féin as marthain. Ach athbhunaíodh é go díreach nuair a tháinig ailt an Chonartha i bhfeidhm míonna níos déanaí. Thart ar an am sin, bhí cúpla 'Pairliméid' i bhfeidhm. Bhí Dáil Sealadach ann chun an Conraidh a cur i bhfeidhm agus Saorstát Éireann a bhunadh. Bhí an Dáil é féin ann, a chruthaíodh i 1919. Bhí Dáil Poblachta ann freisin, bunaithe ag Eamon de Valera agus na frith-conraitheoirí. Bhí gach ceann díobh ag éileadh ceart-síolú ón Dáil 1919 agus Forógra na Poblachta 1916.
[athraigh] Baill den 29ú Dáil
Is é Fianna Fáil an páirtí is mó sa Dáil agus tá siad sa rialtas leis an Páirtí Daonlathach. Is é seo a leanas miondealú na bpáirtithe sa Dáil:
Páirtí | Bealtaine 2002 | Márta 2005 | |
---|---|---|---|
• | Fianna Fáil | 81 | 78 |
Fine Gael | 31 | 32 | |
Páirtí an Lucht Oibre | 20 | 21 | |
• | An Páirtí Daonlathach. | 8 | 8 |
Páirtí Glas | 6 | 6 | |
Sinn Féin | 5 | 5 | |
Páirtí Soisialach | 1 | 1 | |
Neamhspleách | 13 | 14 | |
Ceann Comhairle | 1 | 1 |
[athraigh] Naisc sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.