Impireacht Rómhánach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar Impireacht Rómhánach ar an gcathair a bhí mar stáid neamhspleáchas An Róimh agus an fhorbairt a rinne na daoine sin. Lean sé ó phoblacht na Róimhe (a bhí mar phoblacht ar feadh 500 bliain, 510 RC - 1 aois RC), a bhí lag tar éis an cogadh idir Gaius Marius agus Sulla, agus freisin an cogadh cathartha idir Iúil Caesar agus Poimpéas. Úsáidtear cúpla dáta mar thosnú na hImpireachta, ina measc tá; dáta cheapadh Iúil Caesar mar dheachtóir (44 RC), bua oidhre Caesar Octáivian ag Cath Actium (2 Meán Fómhair, 31 RC), agus nuair a thug Seanad na Róimhe teidil Ágastas do Octáivian (16 Eanáir, 27 RC).
Ciallaíonn an téarma Laidineach Imperium Romanum ("Impireacht Rómhánach"), an domhan go léir a bhfuil faoi riail Rómhánach. Ón am a bhí Ágastas i gcumhacht go dtí titim an Impireacht san iarthar, bhí an Róimh go hiomlán i gceannas ar iarthar na hEoráise. Thosaigh fás na Róimhe tamall roimh an aistriú ó phoblacht go impireacht, agus bhí sé ar a méid ba mhó faoi riail an impire Tráian nuair a thóg sé Dáicia sa bhliain 116. Le linn na mblianta seo bhí an Róimh i gceannas ar 5 900 000 km² (2,300,000 mí²) ó thaobh achar talaimh de. Tá tionchar na Róimhe ar shibhialtacht an Iarthair fós le feiceáil i gcultúr, dlí, teicneolaíocht, ealaíon, teanga, reiligiún, rialtas, míleatachas agus ailtireacht sa lá atá inniu ann.
Go traidisiúnta chuirtear dáta deireadh Impireacht Rómhánach ar an 4 Meán Fómhair 476, nuair a scrios na Gearmánaigh é. A mhalairt don chuid iartharach, mhair an chuid oirthearach, Impireacht Biosántach, ag choimeád suas na traidisiúnta dlíthiúil agus cultúrtha, a mheasca le traidisiún Gréagach agus Críostaí ar feadh míle bhliain eile.