Láithreán Gréasáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séard is láithreán Gréasáin nó suíomh Gréasáin ann ná bailiúchán de leathanaigh Gréasain atá cruinnithe le chéile faoi ainm fearainn comónta éigin ar an nGréasán Domhanda. Bíonn na leathanaigh scríofa i bhfoirm cód téacs atá marcáilte (ar nós HTML nó XHTML) agus go hiondúil nascann siad le leathanaigh eile taobh istigh den láithreán agus le leathanaigh eile atá taobh amuigh de. Le breathnú ar láithreán Gréasáin, tá gá le ríomhaire le ceangal Idirlín agus brabhsálaí air. Coinnítear láithreáin ghréasáin ar fhreastalaithe Gréasáin agus déantar rochtain orthu tríd an bprótacal HTTP.
[athraigh] Cineálacha láithreán
Tá neart cineálacha láithreán ar an nGréasán Domhanda. Bíonn roinnt cinn beag (cúpla leathanach) agus roinnt cinn mór (na mílte leathanach). Is féidir leis na leathanaigh ar láithreán gréasáin a bheith dinimiciúil – athraíonn siad de réir mar a bhíonn úsáideoirí éagsúla ag plé leo – cuardach ar Google, mar shampla. Bíonn leathanaigh eile statach – ní athraíonn siad ó chuairt go cuairt – mura n-athraíonn úinéir an leathanaigh an t-ábhar atá ann. Is minic go mbíonn láithreáin ghréasáin comhdhéanta de leathanaigh dinimiciúla agus leathanaigh statacha.