Martin Luther
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
B'é Máirtín Liútar (Gearmáinis: Martin Luther nó Martin Luder, Laidin: Martinus Lutherus, , (10 Samhain 1483 - 18 Feabhra 1546) a chuir tús leis an Athleasú Creidimh sa bhliain 1530, nuair a ghreamaigh sé na Cúig Théis Déag is Ceithre Scór de dhoras na hArd-Eaglaise i Wittenberg na Gearmáine. B'eisean athair an Reifirméisin sa Ghearmáin agus ar an domhan go léir.
[athraigh] Óige Mhairtín Liútair
Tháinig Máirtín Liútar chun saoil in Eisleben ar an 10 lá de Mhí na Samhna sa bhliain 1483. B'é Hans Luder a athair, agus Margaretha Lindemann a bhí ar a mháthair. Baisteadh an buachaill ar fhéile Naomh Máirtín ó Tours, agus b'as an naomh seo a d'ainmnigh a thuismitheoirí é. Bhí a athair ina mháistir i bpoll mianaigh i Mansfeld, áit a rabhthas ag baint copair as an talamh, agus é in ann bia agus beatha a choinneáil lena theaghlach ionas nach raibh siad in aon chruachás. Theastaigh ó Hans státseirbhíseach a dhéanamh as a mhac, agus chuir sé ar scoil é. Fuair Máirtín a chuid scolaíochta i Mansfeld, Magdeburg agus Eisenach.
In aois a sheacht mbliana déag, sa bhliain 1501, chuaigh Máirtín ag staidéar in Ollscoil Erfurt. Bhain sé amach céim an bhaitsiléara sa bhliain 1502 agus céim an mháistir sa bhliain 1505. Is é an cineál léinn a roghnaigh sé san ollscoil ná an dlí, mar a theastaigh óna athair.
I samhradh na bliana 1505, áfach, chuir cith tóirní cor ina chinniúint. Bhuail splanc thóirní an talamh in aice leis, díreach nuair a bhí sé ag dul chun na scoile. "A Naomh Áine", a sciorr air a rá, "cuidigh liom! Rachaidh mé sna manaigh!" [Brecht, vol. 1, p. 48]. Ó shíl sé gurb í Naomh Áine a tháinig chun tarrthála dó an lá áirithe sin, chomhlíon sé an gheallúint a bhí tugtha aige, nó d'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé sna manaigh.
Nuair a bhí sé ina mhanach Agaistíneach, agus é ag obair ina ollamh le diagacht, thosaigh sé ag éirí míshásta leis an Eaglais Chaitliceach. Fuair sé locht ar éilliú agus ar lobhadh na hEaglaise Caitlicí, agus é ag éileamh go bhfillfeadh an Eaglais ar ais ar na foinsí agus ar bhunteagasc Íosa Críost. Theastaigh uaidh briathar Dé a scaipeadh i measc na ndaoine ina dteanga féin, agus mar sin, chuir sé Gearmáinis ar an mBíobla. Bhí an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé, nó bhí stíl líofa thíriúil dá chuid féin aige a chuir cor i gcinniúint na Gearmáinise mar theanga liteartha. Ina ainneoin féin, chuir Liútar tús le scoilt na hEaglaise Caitlicí agus le forbairt na hEaglaise Liútaránaí, arb í an chéad mhóreaglais Phrotastúnach a tháinig ar an bhfód.
Sa Ghaeilge, is gnách "Clann Liútair" a thabhairt, mar leasainm díspeagúil, ar na Protastúnaigh go léir, na Preispitéirigh Ultacha ach go háirithe. Is féidir samplaí den úsáid seo a fháil ag na hamhránaithe Seacaibíteacha agus ag Micí Mac Gabhann araon.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.