Séamus Ó Conghaile
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceannaire sóisialach in Éirinn ab ea é Séamas Ó Conghaile, nó James Connolly as Béarla (5 Meitheamh, 1868 - 12 Bealtaine, 1916). Rugadh é i nDún Éideann na hAlban, mac le tuismitheoirí Éireannacha. Bhí sé ar dhuine den bheirt cheannairí in Éirí Amach 1916 a raibh an teanga idirnáisiúnta Esperanto aige[1].
Bhunaigh Ó Conghaile Arm na Saoránach i mBaile Átha Cliath i 1913, i rith an Frithdhúnadh. Ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca i 1916, agus gortaíodh é go dona.
Lámhachadh é leis na ceannairí eile i bPríosún Chill Mhaighneann, agus é ina shuí ar chathaoir, mar bhí sé gortaithe chomh holc san Éirí Amach nach raibh sé in ann seasamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.