Esperanto
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Esperanto (Esperanto) | |
---|---|
Á labhairt: | ar fud an domhain |
Réigiún: | - |
Cainteoirí san Iomlán: | Meastar tuairim is 2/3 milliún |
Rang: | (Ní sa chéad 100) |
Líne ghinealaigh: | Teanga shaorga a d'éirigh "nádúrtha" |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | Náisiún ar bith, agus baineann roinnt grúpaí idirnáisiúnta as mar theanga oifigiúil |
Rialaithe ag: | Akademio de Esperanto (Acadamh Esperanto) |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | eo |
ISO 639-2 | epo |
ISO/DIS 639-3 | epo |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Teanga idirnáisiúnta is ea í an teanga Esperanto a thionscnaigh Ludwik Zamenhof ag deireadh na naoú haoise déag. An 26 Iúil 1887 a foilsíodh an chéad téacsleabhar Esperanton i Vársá na Polainne. Is é Esperanto an t-aon teanga bheo a bhfuil áit bhreithe is dáta breithe againn di. Is é an rud a theastaigh ó Zamenhof ná go mbeadh teanga neodrach idirnáisiúnta ann chun an caidreamh idir na náisiúin a fheabhsú agus a dhéanamh níos fusa, agus go gcuirfí cainteoirí ó chúlraí teanga éagsúla ar chomchéim. Athrú raidiceach a bhí i gceist aige: seachas an Béarla a bhrú ar lucht na Gaeilge i gcónaí, mar shampla, bheadh teanga neodrach a thabharfadh comhchearta do Bhéarlóirí is do Ghaeilgeoirí, agus mar sin chuirfí deireadh le brú na dteangacha móra ar na mionteangacha.
Tá formhór na bhfocal sa teanga bunaithe ar an Laidin,ar an bhFraincis, ar an nGearmáinis agus ar an mBéarla, agus tá gramadach na teanga rialta go hiomlán. Is cosúla córas focalchumtha Esperanto le córas na hUngáirise is na Tuircise ná le teangacha Iarthar na hEorpa. Is féidir na céadta mílte focal a chumadh le líon teoranta fréamhacha agus timpeall 40 réimíreanna is iarmhíreanna, is tá 17 míle fréamh san fhoclóir aonteangach Esperanto is mó, ar a dtugtar an PIV/"Plena Ilustrita Vortaro" - foilsíodh an leagan is déanaí sa bhliain 2002.
Sampla
- "Esperanto estas bela kaj facila lingvo - vi povos rapide lerni kaj ekuzi Esperanton, kun homoj el la tuta mondo."
- (Teanga álainn éasca is ea Esperanto - tig leat Esperanto a fhoghlaim agus tosú á húsáid go tapaidh - le daoine as gach cearn den domhan.)
Is fusa i bhfad Esperanto a fhoglaim ná aon teanga bheo eile: is ionann mí Esperanto agus bliain Fraincise nó Gearmáinise. Is féidir le duine í a fhoghlaim ón Idirlíon gan mhúinteoir, féach lernu.net. Thairis sin, chruthaigh sraith turgnamh ó 1921 i leith go gcabhraíonn gearrchúrsa Esperanto, timpeall 100 uair an chloig, chun teangacha eile a fhoghlaim, féach anseo. Cothaíonn luas na foghlama in Esperanto féin-mhuinín na mac léinn, go háirithe sa tromlach nach bhfuil luí ar leith le teangacha acu. Is mór a d'fhéadfadh a leithéid cabhrú le múineadh na Gaeilge don 70% de dhaltaí bunscoile, dar le taighde John Harris, nach n-éiríonn leo aon dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa Ghaeilge i láthair na huaire.
Meastar go bhfuil tuairim is dhá/trí mhilliún duine ag labhairt Esperanto ar fud an domhain inniu. Tugann cuardú an fhocail "Esperanto" i ngúgal breis is 137 milliún nasc, agus tá breis is 67,000 alt sa leagan Esperanto de Vicipéid, líon a fhásann breis is 20,000 sa bhliain. Um Cháisc 1994 thosaigh an Pápa Eoin Pól II ag úsáid Esperanto i measc na dteangacha in URBI ET ORBI, agus leanann an Pápa Benedict den nós. D'aithin an Ungáir Esperanto mar "theanga bheo" sa bhliain 1995, agus anois tá sí ar an tríú teanga iasachta in "Ardteist" na hUngáire, le 7-8,000 mac léinn á tairiscint gach bliain.
Foilsítear leabhar nua Esperanto gach lá, is tá litríocht bheo ilghnéitheach agus ilnáisiúnta á scríobh inti ar fud an domhain - tá catalóg ar an idirlíon ag an Universala Esperanto-Asocio.
Clár ábhair |
[athraigh] Litríocht
[athraigh] Bun-Litríocht
Seo cuid de scríbhneoirí clasaiceacha Esperanto: Na filí Kalmán Kalocsayagus Julio Baghy ón Ungáir, William Auld ó Albain, Jorge Camacho ón Spáinn, Marjorie Boulton ó Shasana, Gaston Waringhien agus Raymond Schwarz ón bhFrainc, Leon Deij ón Ísiltír,Baldur Ragnarsson ón Íoslainn, Edmond Privat ón Eilvéis, Lajos Tárkony ón Ungáir; na húrscéalaithe agus gearrscéalaithe Trevor Steele ón Astráil, Spomenka Štimec ón gCróáit, Karolo Piĉ ó Phoblacht na Seice, John Francis ó Albain, Miguel Fernández ón Spáinn; na haistithe Fernando de Diego ón Spáinn, Eugene de Zilah ón Ungáir, Gaston Waringhien agus a lán eile.
[athraigh] Litríocht aistrithe
Tá togha litríocht an domhain aistrithe go hEsperanto agus, murab ionann is aistriúcháin go dtí na mórtheangacha, is iad na cainteoirí dúchais a aistríonn a gcuid litríochta féin go hEsperanto: Ungáirigh, mar shamhpla, a aistríonn litríocht na hUngáirise go hEsperanto, is ní Béarlóirí nó Frainciseoirí a d'fhoghlaim Ungáiris. Tá leagan spéisiúil de "Chúirt an Mheán-Oíche" aistrithe go hEsperanto ag an Ollannach ilteangach Albert Goodheir, mar shampla, chomh maith le cuid mhaith d'fhilíocht an Ríordánaigh, a d'aistrigh Meva Maron. D'aithin "PEN International" Esperanto mar theanga liteartha i 1993.
Is suntasach go raibh Esperanto ag beirt díobhsiúd a shínigh Forógra na Poblachta le linn Éirí Amach 1916: Séamus Ó Conghaile agus Joseph Mary Plunkett.
Craolann Raidió na Síne is Raidió na Polainne cláracha in Esperanto gach lá, is craolann tíortha eile mar an Vatacáin, an Iodáil, Cúba, an Eastóin cúpla uair sa tseachtain in Esperanto. D'oscail Leas-Phríomh-Aire na Slóváice, Dušan Čaplović, comhdháil faoi bheartas teanga na hEorpa i mBratislava an 24 Samhain 2006, a raibh Esperanto mar cheann de na 4 theanga oibre inti. Bíonn cruinniú éigin Esperanto ar siúl áit éigin sa domhan gach lá, ach is í an chomhdháil rialta is mó an UK/"Universala Kongreso", a thionóltar i dtír éagsúil gach bliain ag deireadh Iúil/tús Lúnasa, is a thugann 2-3,000 duine ó bhreis is 70 tír le chéile. I Firenze na hIodáile a bhí UK na bliana 2006, agus i Yokohamo na Seapáine a bheidh sí i mbliana - I Maribor na Slóivéine a bheidh EEU-Kongreso (comhdháil d'eagrais náisiúnta Esperanto na 27 bhallstát san Aontas Eorpach) na bliana 2007, ón 28 Iúil go dtí an 4 Lúnasa - féach [1]. "Uisce" a bheidh mar phríomhthéama aici, chomh maith leis na gnáth-théamaí faoi chothrom na Féinne i gcúrsaí teanga.
An tOllamh Renato Corsetti, ollamh le síctheangeolaíocht in Ollscoil "La Sapienza" na Róimhe atá mar uachtarán ar an UEA/"Universala Esperanto-Asocio", agus an Dr Seán Ó Riain www.seanoriain.eu, taidhleoir Éireannach sa Bhruiséil, atá mar uachtarán ar an EEU/"Europa Esperanto-Unio. Sa bhliain 2004 toghadh an chéad chainteoir líofa Esperanto go Parlaimint na hEorpa, an Polannach óg, Małgorzata Handzlik.
"Ár nAthair" in Esperanto, mar atá le feiscint in Esperanto ar bhalla Iarúsailéim:
- "Patro Nia
- Patro Nia, kiu estas en la ĉielo,
- Sangtigata estu via nomo;
- Venu via regno,
- Fariĝu via volo,
- Kiel en la ĉielo, tiel ankaŭ sur la tero.
- Nian panon ĉiutagan donu al ni hodiaŭ,
- Kaj pardonu al ni niajn ŝuldojn,
- Kiel ankaŭ ni pardonas al niaj ŝuldantoj;
- Kaj ne konduku nin en tenton
- Sed liberigu nin de la malbono.
- Ĉar viaj estas la regno, la potenco kaj la gloro,
- Dum la jarcento da jarcentoj. Amen."