Sionainn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í an tSionainn an abha is faide in Éirinn. Tá sí timpeall 400km ar fhad óna foinse i gContae an Chabháin, in Uladh go dti go dtagann sí ar an Aigéan Atlantach idir Rinn Chiarraí i gContae Chiarraí agus Ceann Léime i gContae an Chláir. Tagan taoide ón bhfarraige tuairim is 100km i dtír suas chuig cathair Luimní.
Clár ábhair |
[athraigh] Tabhacht Stairiúla
Ós rud é go roinneann sí formhór na hÉireann ina dhá chuid, tá tabhacht straitéiseach ar leith ag an Sionnainn. Le linn riail na Sasanach, bhí garastúin móra i Luimneach agus in Áth Luain agus tá bearaicí míleata fós sna bailte sin.
Bhunaigh Naomh Ciarán an mhainistir Cheilteach is mó in Éirinn sa 7ú aois i gCluain Mhic nÓis (i gContae Uíbh Fhailí) idir Áth Luain agus Beannchor agus tá a h-iarsmaí fós le feiscint.
Bhunaigh na Lochlannaigh cathair Luimní timpeall na bliana 812 AD agus ba as a sheoladar nuair a bhíodar ag iarraidh a rial a leathnú níos domhaine i lár na hÉireann.
[athraigh] Fo-aibhne agus Locha
Tá trí loch mór i gcúrsa na habhann, Loch Ailinn, an Loch Riabhach agus Loch Deirg.
I measc na fo-abhainn a dtagann isteach inti óna bruach thiar, tá An tSuc (i gContae Ros Comáin) agus An Fheargas (i gContae an Chláir). Ón mbruach thoir, tagann An Inne (i gContae na hIarmhí), An Bhrosna (i gContae Uíbh Fhailí), An Mhaoilchéirn, An Mháig agus An Daoil (i gContae Luimnigh) agus an Fhéil (i gContae Chiarraí).
[athraigh] Cúrsa na hAbhann
Ritheann an tSionna trí lár cothrom na hÉireann agus ní cailleann sí ach 6m d'airde idir Loch Ailinn agus Cill Dálua ar taobh theas Loch Deirg. Dá bhrí sin, is minic a bhíonn tuilte móra sa gheimhreadh ar bhruacha na h-abhann idir Cara Droma Rúisc agus Port Omna.
Sa limistéar idir Áth Luain agus Cluain Mhic Nois, na "Callows", ní bhíonn talamh na móinéir tirim go leor chun an féar a bhaint le meaisín go dti lár an tsamhraidh agus, dá bhrí sin, is ann tearman is mó an traonaigh ar mhórthír na hÉireann, éan le glao sainiúil a bhí an-choitianta sa tír tráth.
Tá an-chuid portaigh ar bhruachanna na Sionnainne i gContae an Longfoirt, Contae Ros Comáin, Contae Uíbh Fhailí agus Contae na hIarmhí. Bhíodh stáisiúin ginte móna i mBaile an Liag agus i nDroichead na Sionnainne ach tá siad á dhúnadh anois.
Is fadhb mór é an usice a ritheann ó na portaigh isteach sa tSionnainn agus in a fo-aibhne. Nuair a thagann an abha isteach sna locha, titeann an smúit móna go dti an grineall agus tá a lán de bailithe anois ar thaobh thuaidh Loch Deirg.
Titeann an abha tuairim 65m d'airde idir Cill Dálua agus Luimneach a bhfuil gan ach 20km i bhfad óna chéile.
[athraigh] Bailte
Is í Luimneach (daonra 100,000) an chathair is mó ar bhruach na Sionnainne agus, ag teacht aduaidh óna foinse, is iad Drom Seanbhó, Cara Droma Rúisc, Ruascaigh (Contae Liatroma), Tearman Barra, Baile an Liag (Contae Ros Comáin), Cluain Dara (Contae an Longfoirt), Áth Luain (Contae na hIarmhí), Beannchor (Contae Uíbh Fhailí), Port Omna (Contae na Gaillimhe), Baile Uí Bheoláin, Scairbh, Cill Dálua, Droiched Uí Bhriain (Contae an Chláir), Drom Inbhir (Contae Thiobraid Árann) agus Caisleán Uí gConaig (Contae Luimnigh) na príomh-bhailte eile.
Ar Bhéal na Sionnainne, tá Eas Géibhtine, Faing agus an Gleann (Contae Luimnigh) agus Tairbeart agus Béal Átha Longphoirt (Contae Chiarraí) suite ar an dtaobh theas agus Sionna, Caisleáin an Chláir, Baile na Cailleach, Leaba Síodach, Cill Íomair, Cill Rois agus Carraig an Chabhaltaigh (Contae an Chláir) ar an mbruach thuaidh.
[athraigh] Calafoirt, Aerfoirt agus Tionscal
Cuan doimhin atá i mBéal na Sionainne agus ta trí calafoirt ann, an príomhcheann í bhFaing i gContae Luimnigh, i gcathair Luimní agus i gCill Rois i gContae an Chláir. Ritheann bád farantóireachta trasna Bhéal na Sionnainne idir Thairbeart agus Cill Íomair.
Tá Aerfort na Sionna suite gar do Bhéal na Feargasa, a osclaíodh faoi rialtas Sheáin Lemass. Tógadh baile nua ar a hinbhear freisin, i Rinn Eanna, leis an ainm Baile na Sionna faoin rialtas céanna. Roimh oscailt an aerfoirt, ba as Faing a d'eitil báid eitilte trasna an Atlantaigh.
Tá aithne, chomh maith, uirthi ó scéim na Sionna. Sa bhlian 1929, osclaíodh stáisiún ginnte cumhacht uisce in Ard na Croise, an chéad mhór-scéim innealltóireachta a thógadh tar éis baint amach saoirse na hÉireann. Ginneadh éileamh uile leictreachais na tíre in Ard na Croise ó oscailt an stáisiúin suas go dti blianta na caogadaí.
Ar Bhéal na Sionnainne i gContae Luimní idir Faing agus Eas Géibhtine, tá Alumina Eachinis, ceann des na scaglanna alumina is mó ar domhain. Idir Cill Rois agus Cill Íomair, tá an stáisiún ginnte is mó in Éirinn.
[athraigh] Trácht agus Saoire
[athraigh] Iascaireacht
Tá clú fós ar an Sionna mar ionad iascaigh bradán, breac agus éisc garbha, go mór mór i mbailte ar nós Caisleán Uí gConaig (Contae Luimní), Droichead Uí Bhriain agus Cluain Lára (Contae an Chláir), Tearman Barra agus Baile an Liag (Contae Ros Comáin) agus Cara Droma Rúisc (Contae Liatroma).
[athraigh] Last-Iompar
Ba iad an tSionna agus a canálacha an príomhcheangal idir Luimneach, Baile Átha Cliath, Port Láirge agus bailte móra Lár-Thír na hÉireann on 18ú aois agus teacht an iarnróid tuairim na bliana 1845. Thóg an Chomhlucht Canáil Mhóir ne hÉireann canál idir Bhaile Átha Cliath agus Cuan na Sionnaine i gContae Uíbh Fhailí agus leathnaídh an córas tríd an Sionna, Loch Deirg agus Canál an Abhainn Duibh síos go dti Luimneach.
Tar éis tógáil an scéim ídre-leictreach, aistríodh an trácht idir Cill Dálua agus Luimneach ó Chanál an Abhainn Duibh go dti Canál Ard na Croise. Tá dhá chomhlán uisce móra i ndiaidh a chéile thart ar an stáisiúin ginte trínar féidir bád éirí nó ísliú 30m.
[athraigh] Trácht Saoire
Dúnadh an Canál Mór do last-iompar sa bhlian 1961 ach ath-osclaíodh córas Íochtar na Sionnainne do thrácht saoire sa bhlian 2001 nuair a thógadh córas nua chomhlán uisce idir Abhann na Mainistreach agus an tSionnainn i gathair Luimní. Faoi láthair na h-uaire, tá na ceangail canálacha seo a leanas ó Luimneach ar chóras na Sionnainne:
- ar an Sionna agus Canál Ard na Croise go dti Cill Dálua, Cuan na Sionnainne, Port Omna, Áth Luain, Tearman Barra, Cara Droma Rúisc agus Drom Seanbhó
- ó Chuan na Sionnainne ar an gCanál Mór go dti An Tulach Mór, Cúl an tSúdaire, Mainistir Eimhín, Na Saileacha agus Baile Átha Cliath
- ó Mhainistir Eimhín ar Chanál na Bearbha go dti Ceatharlach, Ros Mhich Threoin agus Port Láirge
- ó Thearman Barra ar an gCanál Ríoga go dti An Muileann Cearr, Cill Cuca, Máigh Nuad agus Baile Átha Cliath
- ó Dhrom Seanbhó ar Chanál Béal an Átha Mhóir-Bhaile Chonaill agus Loch Eirne go dti Inis Céithlinn agus Béal Lice
Tá pleananna ann chomh mhaith chun an córas a nascadh le córas na Banna trí ath-oscailt Canál Uladh idir Loch Eirne Uachtar agus Loch n-Eachad agus, dá bharr, bailte ar nós Cúl Raithin (Contae Doire), Port an Dúnáin (Contae Ard Mhacha) agus Muíneacháin a cheangailt le Luimneach.
[athraigh] Seoltóireacht
Ceaptar gurb i nDrom Inbhir ar bhruach Loch Deirg i gContae Thiobrad Árann a bhunaíodh an céad club seoltóireachta in Éirinn ar thús an 18ú aois. Tá clubanna eile anois ann i bhFaing, igCill Rois, i gCill Dálua, i mBaile Uí Bheoláin, in Áth Luain, i gCara Droma Rúisc agus i mbailte eile ar bhruach na h-abhann.