Baile Átha Luain
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile Átha Luain | |
---|---|
Learscáil | |
Daonra an bhaile: | 3,554 (2002) |
Daonra thuathúil: | 8,695 (2002) |
Airde: | 56 m |
Contae: | Contae na hIarmhí |
Cúige: | Laighin |
Tá Baile Átha Luain nó Áth Luain (Athlone as Béarla)nó Bl'Áth Luain sa chaint (de réir tuairiscí ón 19ú haois) ar na bailte is mó i gContae na hIarmhí i lár na hÉireann. Dar leis an daonáireamh de 2002 tá daonra de 23,670 ag an mbaile, agus tá sé suite ar an Abhainn na Sionna idir Ghaillimh agus Baile Átha Cliath. Téann go leor den trácht idir Mhaigh Eo agus Ros Comáin agus Baile Átha Cliath tríd an mbaile leis, agus tógadh go leor ciorcail tráchta leis an trácht a bhogadh. Tá stáisiún traenach ar an mbaile, freisin, agus stopann líne na Gaillimhe ann, maraon le línte Bhéal Átha an Fheadha agus Chathair na Mart. Tá an Coimisún na Scrúduithe Stáit agus an Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain atá suite ann.
Tá ionad traenála ag an airm ar an mbaile, atá an-ghar do lár na tíre ina h-iomláine. Chuireadh Sinn Féin an baile ar aghaidh mar phríomhbhaile ar an tír, agus í athaontaithe agus í á riaradh ina ceithre chúige, ina gcuid moltaí "Éire Nua".
Cúpla míle ó dheas de tá Cluain Mhic Nóis, mainistir a bhunaigh Naomh Ciarán i 548, agus a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain. Thóg an rí Toirdhealbhach Ó Conchubhair caisleán adhmaid ann i 1129.
Thóg na Normannaigh caisleán cloiche ar bhruacha na Sionainne sa tríú haois déag, agus bhí Loch Ríbh ina ionad tábhachtach iascaireachta ó thús ama. Bhí tábhacht mhíleata leis an mbaile mar gheall ar a ionad i lár tire agus bhí garastúin ann ag Arm na Breataine, mar atá anois ag Arm na hÉireann. Rinneadh léigear ar an bhaile i 1690 nuair a bhí Cogadh an Dá Rí ar bun. Tar éis chath a mhair deich lá d'éirigh leis an nGinearál Godart van Ginkel an baile a ghabháil i mí Meithimh 1691.
Tá forbairt mór ar siúl faoi láthair i lár an bhaile darb ainm: Lár ionad Baile Átha Luain. Tá dhá sráid nua á leagadh amach agus ostán 12 urlár. An forbairt siopadóireachta is mó taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath atá ann. Bíonn féile uile Éireann na drámaíocta sa Bhaile cuile bhliain. Tá thart ar 52 tithe tabhairne ar an mbaile, agus neart bialanna den céad scoth, go háiríthe i lár an bhaile ghar don abhainn.