Seán Eichingeam
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba pholaiteoir agus iriseoir Éireannach as gContae Loch Garman é Seán Eichingeam (Béarla: Seán R. Etchingham), a fuair bás ar 23 Aibreán 1923. Bhí aithne ag a lán daoine air faoin leasainm Patsy, mar gheall ar an t-ainm cleite Patsy Patrick a d'úsáid sé agus é ag scríobh don nuachtán Enniscorthy Echo. Iar-mharcach gairmiúl a bhí ann chomh maith, agus bhí sé i measc na céad iriseoirí spóirt a bhí gníomhach sa tír. Ba bhall de Óglaigh na hÉireann, Sinn Féin, Conradh na Gaeilge agus Bráithreachas na Poblachta é.
[athraigh] Saol
Nuair a fuair siad nuacht faoi bhriseadh amach an tÉirí Amach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1916, bhailigh Eichingeam agus roinnt Óglaigh eile le chéile in Inis Córthaidh, agus thóg siad cúpla foirgneamh agus beairic sa chathair. Ní fhuair siad an seans troid i gcoinne na Sasanaigh, mar tháinig an t-ordú ó Phádraig Mac Piarais géilleadh a dhéanamh. Níor chreid siad an scéal ar dtús, mar b'iad na Sasanaigh a d'inis an nuacht dóibh. Chuaigh Eichingeam agus Seamus Doyle chun buaileadh le Mac Piaras i bpríosún, agus ansin bhí siad sásta gur tháinig an t-ordú uaidh. Ghéill siad freisin, agus chaith siad bliain go leith faoi ghlas i Sasana.
Bhí Eichingeam níos sine ná an cuid is mó de na hÓglaigh eile i bPríosún Dartmoor, agus ba bheag nár chailleadh é de bharr an droch-bhia a bhí acu. D'ainneoin a dhroch-shláinte, ba dhuine coitianta é leis na fir eile. Ligeadh amach é sa bhliain 1917.
Chuaigh Eichingeam ina iarrthóir ó Shinn Féin san olltoghchán sa bhliain 1918, ón ndáilcheantar Cill Mhantáin Iarthar. Toghadh é, agus ghlac sé ait sa Chéad Dáil sa bhliain 1919. Roghnaíodh é ina Aire Iascaigh sa Dara Aireacht na Céad Dála, agus arís sa Tríú Aireacht. Le linn an gCogadh Angla-Éireannach, cuireadh é faoi ghlas níos mó ná uair amháin. Toghadh é aris sa bhliain 1921, ón ndáil-cheantar Loch Garman. Bhí sé i gcoinne an Conradh Angla-Éireannach, agus bhí sé gníomhach i gcoinne é sa Dháil agus i bhfheidhmeannach na hÓglaigh.
Cuireadh faoi glas arís é i rith Cogadh Cathartha na hÉireann. Bhí tionchar uafásach ag bású a chara Liam Ó Maoilíosa air, agus thosaigh a shláinte ag éirí go dona go tapaidh. Cailleadh é níos déanaí sa bhliain chéanna.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.